You are here

An Ráth Mór

  1. dríodar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): An t-uisce a bhíonn i dtóin bhuicéad tar éis cúpla uair
    Tuilleadh
  2. drisín
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): main intestine
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cineál lispíní (main intestine atá ag D.) lispíní caorach. Measaim gurbh as cathair Chorcaí a tháinig an téarma so chugainn sa chéill so.
    Tuilleadh
  3. druinneán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): An chiall chéana le draidín, ach amháin go mbíonn droch shláinte i gceist uaireanta.
    Tuilleadh
  4. fadálach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): long winded
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 'long winded'.Ag tagairt do chainteoir éigin is mó úsáidtear an dá fhocal so.
    Tuilleadh
  5. falc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear ná bíonn puinn airde ann - le droch mheas ar ndóigh. Rud spéisúil faoi: deirtear 'falcaire beag' agus gan ach fíor beagán béime ar 'beag' amhail is ná beadh ann ach siolla de chuid falcaire.
    Tuilleadh
  6. fánach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): 'Scatter-Brained' nó 'irresponsible'
    Sampla(í) Úsáide: 'Tom is a bit fánach'.
    Tuilleadh
  7. fastúch
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Déagóir buachalla ná bíonn ró-thugtha don obair
    Sampla(í) Úsáide: 'if you aren't the big fastúch by me'
    Tuilleadh
  8. féireann
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Féirín - ach searbhúsach go hiondúil e.g. Má iompaíonn céille mná amach go dona deirtear - wisha, didn't she get the féireann. Duine go mbeadh eiteann aige - 'He was the féireann' -freisin i gcás flú.
    Tuilleadh
  9. fionnán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Féar garbh a gheibhltear i bportaigh. Go maith chun capaill a bheathú.
    Tuilleadh
  10. flaithúil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Ní úsaidtear iad so ach le searbhús a chur i gcéill e.g. Má bhíonn duine fial le cuid duine éigin eile.
    Tuilleadh

Pages