You are here

An Ráth Mór

  1. caoirlúin
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): Curlew
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Crotach (Curlew).
    Tuilleadh
  2. ceannabhán bán
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): bog cotton
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bog cotton' fé mar atá ag Dineen ach cuirtear an dara 'bán' leis i gcónaí.
    Tuilleadh
  3. céise
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): store pig
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Banbh trí mhí
    Tuilleadh
  4. ceochán
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): hoarseness
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): An giorra anála a chuireann as do dhuine má bhíonn múcadh ag cur as do (Dineen: hoarseness)
    Tuilleadh
  5. ciseach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): An cineál droichid a dhéanfá thar abhainín i bportach. Don droichead so amháin a deintear tagairt. 'Improvised way' atá ag Dineen air agus sin é mar atá an scéal treasna na gnoc i gCúl Aodha freisin .i. bóithrín tré phortach.
    Tuilleadh
  6. cláirín
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): tail board
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bórd beag le faobhar a chur ar speil, freisin 'tail board'.
    Tuilleadh
  7. clampar Cliotar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fothram mór, imreasán glórach.
    Tuilleadh
  8. clúracháinín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine beag bídeach - go háirithe má tá droch-mheas agat air.
    Tuilleadh
  9. cogar-mogar
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): small talk
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Uisce fé-thalamh, 'small talk'.
    Sampla(í) Úsáide: they have some cogar-mogaring of their own going on'.
    Tuilleadh
  10. comhar-ing
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Socrú idir bheirt fheirmeoirí, ná beadh ach capall an duine acu, cabhrú le chéile leis an dtreabhadh. Níor chuala riamh á úsáid i gciall ar bith eile é.
    Tuilleadh

Pages