You are here

Cialla Éagsúla

Tá méid áirithe iontrálacha sna lámhscríbhinní ar fáil i bhfoclóirí na fichiú haoise, ach tá ciall difriúil ceangailte leo, is é sin le rá gur bhain cainteoirí dúchasacha úsáid suntasach difriúil as na focail nó na frásaí seo agus iad ag caint.  Más rud é go bhfuil an chiall chéanna liostáilte i measc cinn eile san iontráil i bhfoclóir ar bith, níl an sampla sin liostáilte thíos. 

Úsáidfear na giorrúcháin seo a leanas agus na foclóirí á lua:

  • An English-Irish Dictionary and Phrase Book, (Edmund Fournier d’Albe, 1903) - EFdA
  • Lane’s Larger English-Irish Dictionary (Timothy O’Neill Lane, 1921) – LL.
  • Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Pádraig Ó Duinnín, 1927) – Duin.
  • Foclóir Béarla agus Gaedhilge, (Láimhbheartach Mac Cionnaith, 1935) - LMacC
  • English-Irish Dictionary (Tomás de Bhaldraithe, 1959) - EID
  • Foclóir Gaeilge agus Béarla (Niall Ó Dónaill, 1977) - FGB

Seo a leanas roinnt samplaí a aimsíodh, agus ciall iomlán eile leo sna foclóirí:

adhartha

Tá an focal seo ar fáil i mbailiúchán a rinne Tomás de Bhaldraithe i gceantar Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe.  “Cantalach” atá mar mhíniú aige leis, duine “nach dtiúrfadh aird ar dhuine a bheadh ag caint leis.” I FGB tá crostagairt le feiceáil leis an mbriathar “adhair” a chiallaíonn “to worship”, agus tá an Béarla céanna ar fáil i LL.

amhlóir

Tá an focal seo ar fáil i mbailiúchán a rinne Tomás de Bhaldraithe i gceantar Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe.  De réir an eolais a bhailigh sé, ciallaíonn “amhlóir” duine cantalach, “go háirid páiste.” I FGB, tá an focal “abhlóir” ann, agus an chiall “buffoon, fool” leis, nó “confused, bewildered person.” Tá an chiall chéanna ar fáil i LL, “one deficient in intellect, an idiot, a natural, a simpleton.”

anabaí

Tá an focal seo ar fáil mar chuid de bhailiúchán a rinne Éamon Mac an Fhailigh, Liosta Focal as Iorras.  “huge, stout” atá mar aistriúchán aige air, agus “fear anabaí, fear mór reamhar” mar shampla úsáide aige.  I Duin., feictear “immature, unripe” mar aistriúchán, agus “bás anabaí” mar Ghaeilge ar “sudden or premature death”.  Tá an úsáid sin ar fáil in EID chomh maith.  Chomh maith leo sin, tá “soft, undeveloped person”, nó “childish, peevish person” ar fáil mar mhínithe i FGB.

angar

Tagann an sampla seo ó bhailiuchán Éamon Mhic an Fhailigh chomh maith, dár teideal Liosta Focal as Iorras.  “Droch-seileadh bróch” atá mar shampla aige siúd.  Tá an focal “anagar” ar fáil in Duin., agus an chiall “corrupt matter, organic matter in a very advanced state of decay” air.  “Want, distress, affliction” atá mar aistriúcháin ar an bhfocal “angar” in EID.  I FGB feictear frásaí faoi iontrálacha éagsúla.  Mar shampla, faoin gceannfhocal “bitter”, feictear “to the bitter end, go bun an angair”, faoi “cheerfulness”, “his cheerfulness in misfortune, a mhisneach le linn an angair”, faoi “extremity”, tá “they are in great extremity, tá siad i ngátar mór, in angar mór”, faoi “grinding”, feictear “grinding poverty, angar biorach; anró dealbh”, agus faoi “length”, feictear “he would go to all lengths, the whole length, rachadh sé go bun an angair (le rud)”.  Tá “anacair” ar fáil i LL agus in EFdA, mar Ghaeilge ar “distress”.

arc

Bhailigh Ciarán Bairéad focail agus téarmaí a bhain le capaill, i gCo. na Gaillimhe.  Tá an focal “arc” ar fáil mar chuid den bhailiúchán sin, agus “chestnut” luaite aige mar chiall leis.  Tá sé luaite i FGB mar leagan eile den fhocal “orc” nó “earc”, agus mar Ghaeilge ar “piglet”, nó “diminutive animal or person.”  Tá “donnrua” ag EID mar Ghaeilge ar an dath “chestnut”.

báinín

“Bó bhán” atá ag Seán Ó Mathúna mar mhíniú ar “báinín” sa bhailiúchán a rinne sé dár teideal Liosta Focal ó Bhéarla na Ráithe Móire (Cúige Mumhan).  “Flannel”, “woven, woollen cloth”, nó “Jacket made of white homespun woollen cloth” atá ar fáil mar mhíniú i FGB.

ag baint siar as

Tá an frása seo ar fáil sa bhailiúchán a rinne Séamas Ó Maolchathaigh i gContae Thiobraid Árann.  “Ní bhainfeadh aon rud siar as” atá mar shampla aige, agus “nothing would stop him” mar mhíniú ar sin.  I FGB feictear an sampla “bain siar as an airgead”, agus an míniú “use the money sparingly” leis.  Feictear chomh maith “baineadh siar as, he was taken aback”, agus “baineadh siar as a cholainn é, he was made to suffer (physically) for it.”

báireoir

Tá “brusher (horse that rubs hind fetlocks in walking)” ag Ciarán Bairéad mar mhíniú ar an bhfocal seo a luaigh sé mar chuid den bhailiúchán An Capall.  “player, hurler” atá ar fáil i FGB, ach ní liostáiltear “báireoir” mar Ghaeilge ar na hainmfhocail sin in EID.

banbh

Bhailigh Séamas Ó Maolchathaigh an focal “banbh” i gCo. Thiobraid Árann, agus an chiall “chicken” leis.  “Ní h-aon bhanbh é, he is no chicken (he is not young)” atá mar shampla úsáide aige.  Tá “piglet, bonham” le feiceáil i FGB, chomh maith le “banbh balláin” ar “suckling pig”.  Chomh maith leis sin, tá ciall eile luaite i FGB ar an bhfocal “banbh”, is é sin an cárta, “Ace of Hearts”. 

bascadh

Tá an focal “bascadh” ar fáil i mbailiúchán de chuid Shéamas Uí Mhaolchathaigh as Co. Thiobraid Árann, agus an chiall “bogging” leis, “tá an bhó bascaithe – the cow is bogged” atá mar shampla úsaide aige.  I FGB feictear an focal “bascadh” mar ainm bhriathartha den bhriathar “basc” a chiallaíonn “to bash, to crush”, agus mar ainmfhocal “bashing, severe injury.”  I Duin. tá míniú eile leis, “a drenching from rain.”

béinne

Bhailigh Éamon Mac an Fhailigh an focal seo mar chuid de Focla as Iorras Domhnann, agus “rinne siad béinne de (le buillí), they knocked him stiff” mar shampla úsáide aige.  “band, company” atá ag FGB mar Bhéarla ar an bhfocal seo.

bioránach

“Cad” nó “rake” (sa Bhéarla) atá ag Séamas Ó Maolchathaigh ar an bhfocal “bioránach” a bhailigh sé i gCo. Thiobraid Árann.  “Sprat” atá ag FGB agus Duin.

blaisín

Bhailigh Seán Ó Béaldúin an focal seo i gCill Scíre, Co. na Mí mar fhocal ar “a girl”.  “Smack, flavour” atá ag FGB.

bodhránach

Bhailigh Ciarán Bairéad an téarma seo i gCo. na Gaillimhe agus ábhar á bhailiú aige dá shaothar An Capall.  “A listless horse” a bhí mar Bhéarla aige air.  I FGB, tá “soggy substance” mar mhíniú ar an bhfocal “bodhránach”.

bradóg

Tá an focal seo le haimsiú i measc nótaí a scríobh Pádraig Ua Cnáimhsí, ar ábhar a bhailigh sé i gCúige Uladh, agus is é an míniú atá luaite aige leis an bhfocal ná “páiste a mbeadh dúil ag daoine ann, é a bheith deas slachtmhar múinte”.  Aimsítear mínithe eile i bhfoclóirí na fichiú haoise; tá “landing-net” ar fáil in EID, agus “landing net” nó “roguish woman” atá ar fail i FGB.

caidhp

Tá an focal seo ar an taifead mar chuid de bhailiúchan a rinne Seán Ó Mathúna dár teideal Liosta Focal ó Bhéarla na Ráithe Móire (Cúige Mumhan). “Buille” atá aige mar chiall leis.  “Coif, lady’s bonnet, cap” atá i FGB, agus “Ní raibh caidhp ná clóca uirthi, she wore neither bonnet nor cloak” mar shampla úsáide.  Feictear an sampla “caidhp ceo” (cap of fog), “caidhp an chúil aird” (high-caul cap), “caidhp fir” (foolish fellow), agus “caidhp bháis” (death cap) mar shamplaí úsáide chomh maith.

céis

Tá an focal seo ar fáil i mbailiúchán Sheán Uí Bhéaldúin a rinne sé i gCill Scíre, Co. na Mí.  “Droichead” atá aige mar mhíniú air.   “Tá sé ag imeacht ina chéis, his getting very fat, bloated.” atá mar shampla úsáide in FGB, chomh maith the “cruit gan chéis, a joyless thing.”

ciseán

Bhailigh Seán Ó Béaldúin an focal “ciseán” mar chuid de bhailiúchán a rinne sé i gCill Scíre, Co. na Mí.  “duine leisgeamhal” atá aige mar mhíniú air.  “Wicker basket” atá ag FGB air.

deas-chainnt

Bhailigh Séamas Ó Maolchathaigh an focal seo i gCo. Thiobraid Árann, an chiall “cheek, sauciness, handy gab” luaite aige leis.  Tá “Thá an iomarca deas-chainnte agat – you have too much cheek” aige mar shampla úsáide.  Tá míniú beagáinín difriúil ar fáil i FGB ar an bhfocal “deaschainteach”, i.e. “well-spoken, witty”.

láimhíneach

Mar chuid den bhailiúchán Focla as Iorras Domhnann, tá an focal “láimhíneach” ag Éamon Mac an Fhailigh ar “angel fish”.  “Bráthair” atá ag EID ar an iasc seo.  “nimble-handed person”, “one-armed person”, nó “angler” atá ag FGB.

leathóg

Tá an focal seo ar fáil i mbailiúchán Shéamas Uí Mhaolchathaigh ó Cho. Thiobraid Árann, agus “smut”, nó “flake” mar mhíniú aige air.  Tá “leathóga sneachta” nó “leathóga súgha (nuair a bheadh an siminé trí thine)” aige mar shamplaí úsáide.  “flat-fish” atá ag FGB agus ag EID, chomh maith le “flat, flaccid thing” nó “famished-looking creature”.  “Bratóg”, nó “lubhóg” atá i LMacC ar “snowflake”.

lochán

Tá an focal seo ar fáil sa bhailiúchán a rinne Dáithí Ó Ceantúil i dTiobraid Árann, agus “an leanbh is óige ar mhuirear mór” mar chiall leis.  “Small lake” nó “pond” atá mar shainmhíniú i FGB, i LL agus i LMacC.

matal/matalóg

Tá na focail seo mar chuid den bhailiúchán a rinne Seán Ó Mathúna dár teideal Liosta Focal ó Bhearla na Ráithe Móire, (Cúige Mumhan), agus an chiall “amadán” luaite leo.  Tá “matal” ar fáil in FGB agus i LL, agus an chiall “mantle, cloak” nó “mantelpiece” luaite leis.  Tá an focal “mothaolach” ar fáil i LMacC, agus “foolish, simple, idiotic” mar Bhéarla air.

milleán

Bhailigh Séamas Ó Maolchathaigh an focal seo i gCo. Thiobraid Árann, agus tá an chiall “challenge” luaite aige leis.  Tá “milleán a chur ar duine suas le n-a agaidh, challenge him with it” mar shampla úsáide aige.  Tá nóta leis ag míniú gurbh é a an brí is coitianta a bhí le “challenge” ná fógra chun troda. I FGB agus in EID, feictear an chiall “blame, censure, responsibility for failure or misdeed” luaite leis an bhfocal “milleán”.

portán

Tá an focal seo le feiceáil i mbailiúchán a rinne Seán Ó Béaldúin i gCill Scíre, Co. na Mí.  Tá “inferior turf, sgraws” mar mhíniú aige air.  Níl an chiall sin luaite i FGB taobh le “crab”, “person with crab-like walk”, nó an chomhartha Stoidiaca, “Cancer”.

réice

“deoch mheisgeamhail” atá mar mhíniú ar seo, ar an Liosta Focal a chuir an tAth. P. Ó Súilleabháin le chéile. “Rake” nó “Rover” atá ann i FGB mar Bhéarla air.

rógaire

Tá an focal seo le haimsiú ar Liosta Focal a chuir an tAth. P. Ó Súilleabháin le chéile, agus “cúpla coinnlín tuighe casta ar a chéile a húsáidtear le píopa a dheargadh” mar shampla úsáide leis.  I FGB, agus i LL, feictear “rogue” mar mhíniú.

roilleach

Tá an focal “roilleach” le feiceáil ar Liosta Focal a chuir an tAth. P. Ó Súilleabháin le chéile, agus “fear an-chainteach, an-mhaoidhteach” mar mhíniú air.  Tá an focal céanna ar fáil i FGB agus “oyster-catcher” mar chiall leis.

spáinneach

Tá an focal seo le haimsiú sa bhailiúchán ollmhór a rinne Séamas Ó Maolchathaigh i gcontae Thiobrad Árann.  Is í “asal” an chiall atá luaite aige sin leis, cé gur “Spaniard” atá ag FGB agus EID.

traithnín tropach

Bhailigh Seán Ó Béaldúin dhá mhíniú ar seo i gCill Scíre, Co. na Mí; “sign of rain”, agus “cobweb seen in sunshine along hedges or in meadow, almost invisible”.  Tá an focal “traithnín” ar fáil i FGB, agus “dry grass stalk” luaite leis mar mhíniú, nó “crested dogtail”.

uain

Tá “uain” ar liosta focal a bhailigh Éamon Mac an Fhailigh dár teideal Focla as Iorras Domhnann, agus “tá lot ar uain a cinn .i. cúl a cinn, there is a wound on the back of her head” mar shampla úsáide aige.  Níl an chiall sin ar fáil i FGB, ach “opportune time, free time, occasion, opportunity” atá ann, “interval of time”, “turn, spell”, “weather, season”, nó “wave”. 

uisce beatha, an t-

Bhailigh Éamon Ó hÓgáin an t-ainm phlanda seo i gcnuasach dár teideal Ainmneacha Plandaí ó Chorca Dhuibhne, mar Ghaeilge ar Laurencia Pinnatifida, nó “pepper dulse”.  An deoch meisciúil “whiskey”, atá ar fáil in FGB mar mhíniú air. Tá “milseán trágha” ar fáil i LMacC mar Ghaeilge ar “pepper dulse”.