Is iad na “focail fholaithe” sa tionscadal seo ná na focail agus na frásaí Gaeilge a bailíodh sna lámhscríbhinní canúna seo, ó cheantracha agus ó chainteoirí ar fud na tíre, nach bhfuil ar fáil d’fhoghlaimeoirí nó do scoláirí na linne seo, i mór-fhoclóirí clóite na fichiú haoise. Ní chiallaíonn sin, dár ndóigh, nár baineadh úsáid as na focail seo sa litríocht, nó nach bhfuil teacht ar chuid acu i saothair acadúla a bhaineann leis an gcanúneolaíocht, mar shampla. Rinneadh saothair acadúla fiúntacha ag díriú ar na canúintí éagsúla, mar shampla, an tsraith Deascán Foclóireachta, foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann. San áireamh sa tsraith seo, tá Liosta Focal as “Idir Shúgradh is Dáiríre”, Séamus Ó Murchú (1982), Díolaim Focal (A) ó Chorca Dhuibhne, Éamonn Ó hÓgáin (1984), Foirisiún Focal as Gaillimh, Tomás de Bhaldraithe (1985), Cnuasach Focal as Ros Goill, Leaslaoi U. Lúcás (1986), Cnuasach Focal ó Uíbh Ráthach, Caoilfhionn Nic Pháidín (1987), Díolaim Dhéiseach, Diarmaid Ó hAirt, (1988), agus Cnuasach Focal as Teileann, Úna M. Uí Bheirn (1989). Ach muna mbíonn teacht éasca ag foghlaimeoirí na Gaeilge ar shaibhreas na teanga labhartha ó cheantracha Gaeltachta, i bhfoclóirí Béarla-Gaeilge, Gaeilge-Béarla, agus i bhfoclóir stairiúil den chineál atá idir lámha ag foireann FNG in Acadamh Ríoga na hÉireann, imeoidh an saibhreas sin as caint na ndaoine, agus caillfear na focail seo go deo.
Táimid an-bhuíoch de Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath as gach tacaíocht a thabhairt don tionscnamh seo, agus ligint dúinn ábhar as Cartlann na gCanúintí a chur san áireamh le lámhscríbhinní atá i seilbh Acadamh Ríoga na hÉireann. Cé gur éirigh linn thart ar fhiche míle iontráil a chaomhnú ar bhunachar sonraí, tá cuid mhaith fágtha, i mbailiúcháin chanúna nár éirigh linn a chur san áireamh. Ag braith ar tuilleadh maoinithe amach anseo, ba mhaith linn níos mó den ábhar luachmhar seo a chaomhnú sa bhealach céanna.
Cuireadh na liostaí iontrálacha i gcomparáid le mór-fhoclóirí na fichiú haoise, chun na “focail fholaithe” a aithint. B’iad sin ná; An English-Irish Dictionary and Phrase Book, (Edmund Fournier d’Albe, 1903), Lane’s Larger English-Irish Dictionary (Timothy O’Neill Lane, 1921), Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Pádraig Ó Duinnín, 1927), Foclóir Béarla agus Gaedhilge, (Láimhbheartach Mac Cionnaith, 1935), English-Irish Dictionary (Tomás de Bhaldraithe, 1959), agus Foclóir Gaeilge agus Béarla (Niall Ó Dónaill, 1977).
Rinneadh ceannfhocail i bhfoclóirí Uí Dhónaill, de Bhaldraithe agus Uí Dhuinnín a chur i gcomparáid le hiontrálacha sna lámhscríbhinní le liostaí digiteacha den chuid is mó, ach bhí ar chúntóirí taighde cóipeanna crua de fhoclóirí Mhic Cionnaith, O’Neill Lane agus Fournier d’Albe a sheiceáil. Agus an obair seo déanta, bhí sé soiléir gur tháinig athrú i dtreo na foclóireachta i ndiaidh do Mhac Cionnaith Foclóir Béarla agus Gaedhilge a fhoilsiú sa bhliain 1935. Bhí cuid mhaith den ábhar canúna san áireamh san fhoclóir sin, ábhar a bhí in easnamh ó na foclóirí a tháinig ina dhiaidh.
Dar leis an Dr Liam Mac Amhlaigh, bhí sé mar sprioc ag Mac Cionnaith foclóir a chur le chéile a bhí ar aon dul le foclóirí Béarla-Fraincis nó Béarla-Gearmáinis na linne sin, rud a chiallaigh nach mbeadh an foclóir ag freastal ar phobal na Gaeilge scríofa, ach go mbeadh sé dírithe ar an teanga bheo. I bhfocail Mhic Amhlaigh, “… fiche bliain ní ba dhéanaí, chinn Tomás de Bhaldraithe malairt treo a roghnú agus dhírigh sé ar fhocail a chumadh as an nua glan dá mba ghá chun leagan Gaeilge éigin a chur ar fáil don Bhéarlóir,” (Foclóirí & Foclóirithe na Gaeilge, Liam Mac Amhlaigh, 2008, lch 107.) Bhí sprioc an-dhifriúil ag de Bhaldraithe, mar sin, agus an English-Irish Dictionary idir lámha aige, bhí sé ag díriú ar fhoclóir a chuirfeadh Gaeilge ar fáil ar cheannfhocail choitianta an Bhéarla, foclóir a bheadh oiriúnach don Bhéarlóir ag foghlaim na Gaeilge. (Foclóirí & Foclóirithe na Gaeilge, Liam Mac Amhlaigh, 2008, lch 113.) Bheadh téarmaíocht nua san áireamh chomh maith, a chuirfeadh Gaeilge ar théarmaí eolaíochta agus ar choincheapa nua-aimseartha. Bhí sprioc difriúil arís ag Ó Dónaill agus Foclóir Gaeilge agus Béarla a thiomsú aige. B’í sin ná “an chuid ba choitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a mhíniú i mBéarla agus samplaí dá húsáid a thabhairt.” (Foclóirí & Foclóirithe na Gaeilge, Liam Mac Amhlaigh, 2008, lch 125.) Bhain sé úsáid as caint na Gaeltachta, as foinsí liteartha agus as an nua-théarmaíocht chun sin a dhéanamh. Mar a deir Mac Amhlaigh, is iad na foirmeacha caighdeánacha den chuid is mó atá ar fáil san fhoclóir. (Foclóirí & Foclóirithe na Gaeilge, Liam Mac Amhlaigh, 2008, lch 125.)
Faoi láthair, tá Foclóir Nua Béarla-Gaeilge á chur le chéile ag Foras na Gaeilge, an Ghaeilge chomhaimseartha mar ábhar spéise acu. Tá sé á fhoilsiú de réir a chéile ar an idirlíon (www.focloir.ie), agus tá spéis sna canúintí léirithe arís. Nuair atá comhaid fhuaime ar fáil, chun cuidiú le foghraíocht na bhfocal, cuirtear ar fáil i gcónaí é sna trí mhórchanúint, canúintí Chonnacht, na Mumhan agus Uladh. Is áis iontach, luachmhar í seo d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge, a bhfuil spéis acu sa teanga bheo.
Liostáilte thíos, tá na hiontrálacha ó na lámhscríbhinní canúna nach bhfuil ar fáil i mórfhoclóirí clóite na fichiú haoise. Cliceáil ar cheann ar bith acu leis an eolas/nótaí breise ón lámhscríbhinn a fheiceáil.