Bailíodh eolas ó gach iontráil sna lámhscríbhinní liostálta ar an leathanach “Liosta Ábhar”. Tá réimse leathan bailiúchán curtha le chéile anseo, ó bhailitheoirí, ó cheantair agus ó thréimhsí éagsúla, agus bhí a chleachtas féin ag gach bailitheoir. Ciallaíonn sin nach bhfuil an t-eolas céanna ar fáil leis na hiontrálacha ar fad, agus nach bhfuil an chuma chéanna orthu ar fad, ach rinneadh taifead ar an méid ar bhí ar fáil sna lámhscríbhinní.
Is féidir focal nó frása a chuardach ar an suíomh se oar bhealaí éagsúla:
Leis an cuardach casta, is féidir réimsí éagsúla eolais a úsáid chun samplaí éagsúla a lorg. Tá na hiontrálacha ar an mbunachar díreach mar atá siad sna lámhscríbhinní féin. Tá seans ann go mbeidh ort triail a bhaint as litrithe éagsúla chun an sampla atá uait a aimsiú. Sa chás seo, chuideodh roinnt “brabhsála”, leis na hiontrálacha ar fad a fheiceáil.
Is féidir na bailiúcháin seo a chuardach de réir iontrála, de réir bhailitheora, de réir Chontae, de réir cheantair, canúna nó Teideal an Bhailiúcháin (má tá sé ar eolas agat). Tiocfaidh torthaí cuardaigh ar ais ó na liostaí iontrálacha, agus ó na réimsí eolais eile chomh maith (i.e. foirmeacha gramadaí, agus leaganacha malartacha). Cuirfear na torthaí os do chomhair leis an eolas ar fad a bailíodh as na lámhscríbhinní.
I measc an eolais, tá na sonraí seo a leanas:
Iontráil sa Lámhscríbhinn:
Tá taifead anseo ar na hiontrálacha sna lámhscríbhinní, díreach mar a scríobhadh síos iad. Uaireanta bhí nós ag an mbailitheoir iontráil a scríobh agus lúibíní a chur thart ar litreacha, nó an siombal “/” a úsáid chun malairt litrithe a chur in iúl. Mar shampla, tá an iontráil “bío(dh)g(amha/ú)il” ar fáil i mbailiúchán de chuid Shéamuis Uí Mhaolchathaigh. Sa chás seo, tá leagan amháin den fhocal, an leagan is simplí de, i.e. “bíogúil” ar fáil faoin réimse eolais “Iontráil”, tá an leagan mar a scríobhadh é, i.e. “bío(dh)g(amha/ú)il” ar fáil faoin réimse eolais “Iontráil sa Lámhscríbhinn”, agus tiocfaidh na leaganacha éagsúla den fhocal, (i.e. bíodhgamhail, bíodhgúil, srl.) suas mar thorthaí cuardaigh sa réimse eolais “Leaganacha Malartacha”.
Ciall nó Míniú (Gaeilge):
Tá taifead anseo ar an gciall nó ar an míniú den iontráil a tugadh as Gaeilge don bhailitheoir.
Ciall nó Míniú (Béarla):
Tá taifead anseo ar an gciall nó ar an míniú den iontráil a tugadh as Béarla don bhailitheoir.
Sampla(í) Úsáide:
Tá taifead anseo ar an sampla úsáide a tugadh don bhailitheoir. Uaireanta rinneadh taifead ar leagan Béarla den sampla úsáide chomh maith.
Bailitheoir/Údar:
Ainm an duine a bhailigh an t-eolas.
Contae:
An contae ina raibh an bailiúchán tiomsaithe.
Ceantar:
An ceantar sa chontae ina raibh an bailiúchán tiomsaithe.
Canúint:
An canúint Ghaeilge lena mbaineann na focail/na frásaí a bailíodh.
Foghraíocht:
Uaireanta tugadh treoracha sa lámhscríbhinn maidir le foghraíocht na Gaeilge. Feictear carachtair ón Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta go minic sna lámhscríbhinní.
Foinse:
Eolas ar bith maidir leis an duine ónar bailíodh na samplaí Gaeilge. Is annamh a bhí eolas ar bith ar fáil.
Foirmeacha Gramadaí:
Tá taifead anseo ar an eolas a tugadh maidir le foirmeacha gramadaí an fhocail a bailíodh.
Leaganacha Malartacha:
Tá taifead anseo ar an eolas a tugadh maidir le leaganacha malartacha den fhocal a bailíodh.
Teideal an Bhailiúcháin:
Uaireanta tugadh teideal faoi leith don bhailiúchán, mar shampla “Liosta Focal as Iorras”, nó “Ainmneacha Plandaí ó Bhaile Chláir na Gaillimhe”.
Teideal an Imleabhair:
Tugadh teideal do gach imleabhar sna bailiúcháin, an “Nod” (córas aitheantais an tionscadail), an chéad iontráil san imleabhar, agus an iontráil deireanach (in ord aibítre).
Bliain:
An bhliain ina tiomsaíodh an bailiúchán. Níor tugadh an sonra seo go minic, agus feictear “?” nó meastúchan an taighdeora i measc na dtorthaí cuardaigh.
Nuair a bheidh liosta torthaí agat, feicfidh tú nótaí agus giorrúcháin le roinnt acu. Choinníomar gach píosa eolais ó na lámhscríbhinní, díreach mar a breacadh síos é. Feicfidh tú giorrúcháin ar theideal fhoclóirí anseo is ansiúd, “Duin.” nó “Ó.D.”, mar shampla, ag tagairt do Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Pádraig Ó Duinnín, 1927). Chomh maith leis sin, tá roinnt uimhreacha tagartha (figiúirí) i measc an eolais. Go minic, feicfidh tú na giorrúcháin “id.” nó “do.” Ciallíonn sé sin gur ionann an focal sa chás, nó sa chomhthéacs áirithe sin agus an iontráil féin. Feicfidh tú túslitreacha ainmneacha go minic chomh maith, “CÓC” mar shampla. Baineann siad seo leis na “foinsí” eolais, i.e. leis na daoine a labhair leis na bailitheoirí. Níl na hainmneacha iomlána mar chuid de na bailiúcháin, rud a chiallaíonn nach féidir na daoine a thug an t-eolas seo do na bailitheoirí a aithint.
Seo a leanas liosta de na giorrúcháin eile atá le feiceáil go minic sa bhunachar:
a.b. – ainm briathartha
acc. – accusative
Aim.Ch. – Aimsir Chaite
ainm br. – ainm briathartha
an br. – an briathar
an t-aid. – an t-aidiacht
b. - baininscneach
dat. - dative
dim. - diminutive
f.g. – firinscneach ginideach, nó feminine genitive
g. – ginideach, nó genitive
gen. - genitive
g.iol. – ginideach iolra
gin.iol. – ginideach iolra
g.s. – genitive singular
gsf. – genitive singular feminine
gu. – ginideach uatha
i. - iolra
m.g. – masculine genitive
Nom. - nominative
pl. - plural
plur. - plural
p.p. – past participle
R-fhoc - réamhfhocal
s.g. – singular genitive
T. – tuiseal tabharthach
t.g. – tuiseal ginideach
tiol / t iol – tabharthach iolra
t.t. – tuiseal tabharthach
Tuis.Tabh. – tuiseal tabharthach
ua. - uatha
uimh. - uimhir
v.a. – verbal adjective
vn. – verbal noun
Ba bhreá le foireann FNG tuilleadh a chur leis an mbunachar amach anseo, ach is tús luachmhar é an tionscadal “Focail Fholaithe”. Muna bhfuil focal nó frása áirithe i measc na mbailiúchán, seans go bhfuil sé sa líon mór saothar eile nár éirigh linn a chur sa áireamh an uair seo.
Níor dearnadh eagarthóireacht ar bith ar an nGaeilge sna lámhscríbhinní, tá na hiontrálacha anseo díreach mar a scríobh na bailitheoirí iad, ach má shíleann tú go bhfuil botún ar bith anseo, bheimis an-bhuíoch díot ach teagmháil a dhéanamh linn ag fng@ria.ie.