You are here

Focail Fholaithe ón bhFichiú hAois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha

“Focail Fholaithe” – tionscnamh de chuid FNG 

Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG), mórthionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, an-bhuíoch den Chomhairle Um Thaighde in Éirinn as an tacaíocht a chur siad ar fáil le tabhairt faoin tionscadal seo - Focail Fholaithe ón bhFichiú hAois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha.

Séard atá mar phríomh aidhm ag FNG ná foclóir stairiúil a chruthú don Nua-Ghaeilge ó 1600-2000, foclóir a dhéanfaidh cur síos ar fhorbairt na Gaeilge le linn na tréimhse sin.  Chun a bheith ionadaíoch don teanga iomlán, is gá gach cineál litríochta agus teangan a thabhairt san áireamh, ina measc samplaí ón bprós ficseanúil, ó théacsleabhair, ó liricí amhráin, ón bhfilíocht, ó thráchtais dlí, ó ailt as nuachtáin agus irisí, agus ó fhógraí.  Chuige seo, tá na mílte téacsanna digitithe ag foireann FNG, agus tá cuid mhaith acu ar fáil i bhfoirm chorpais mar chéim forbartha i dtreo an fhoclóra.  (Féach Corpas na Gaeilge 1600-1882, (CD-ROM, 2004) agus Corpas na Gaeilge 1882-1926 ar fáil ar www.fng.ie.)

Is gá aghaidh a thabhairt ar an bhfocal labhartha chomh maith.  Is seánra ann féin é.  Baineann daoine úsáid as teanga faoi leith agus iad ag caint go nádúrtha eatarthu féin.  Tá an teanga seo difriúil ón teanga a scríobhann siad síos agus scéal nó alt nó amhrán á chumadh acu.  Bheadh foclóir de chineál eile ag daoine neamhliteartha, gan oideachas foirmeálta, mar shampla, ó dhaoine a d’fhreastail ar an scoil agus ar an ollscoil.  Ach conas gur féidir a bheith ionadaíoch don Ghaeilge a labhraíodh go luath san fhichiú haois?  Níl mórán samplaí de seo ar an taifead againn sa lá atá inniu ann. 

Ina sheilbh ag FNG, tá bailiúchán mór lámhscríbhinní, ina bhfuil focail, frásaí agus nótaí Gaeilge, bailithe ó chainteoirí dúchasacha Gaeilge ar fud na tíre, idir tús agus lár na fichiú haoise.  Is foinse fíor-thábhachtach, fíor-luachmhar é an bailiúchán seo ann féin.  Tá cuid de na bailiúcháin neamhfhoilsithe seo i bhfoirm “slipeanna” lámhscríofa, cuid acu i bhfoirm nótaí níos faide agus cuid acu ceangailte in imleabhair.  Ina measc, tá bailiúchán 500 leathanach ó Chonamara ó Thomás de Bhaldraithe, (1916-1996), dhá mhíle leathanach de shamplaí a bhailigh Seosamh Ó Dálaigh (1909-1992) i gCúige Mumhan, agus bailiúchán eile ar an méid céanna bailithe ag Séamus Ó Grianna (1889-1969) i gCúige Uladh.  Tá bailiúcháin eile as Tiobraid Árann agus Port Láirge chomh maith.

Le tacaíocht ón Scéim Deontas do Thionscadail Taighde 2013 ón gComhairle Um Thaighde in Éirinn, d’éirigh le FNG foireann taighde a chur le chéile chun obair a dhéanamh ar cuid de na bailiúcháin seo.  Theastaigh ón bhfoireann dhá thoradh a bhaint amach;

  1. Rochtain ar an bhfoinse luachmhar seo a chur ar fáil ar líne saor in aisce don phobal
  2. Focail Ghaeilge a aimsiú sna bailiúcháin nach bhfuil ar fáil i bhfoclóirí clóite.  (Don chéim seo den tionscadal, socraíodh foclóirí clóite ón bhfichiú haois a sheiceáil.  Is iad sin; English-Irish Dictionary and Phrase Book, Edmund Fournier d’Albe (1903), Lane’s English-Irish Dictionary, Timothy O’Neill Lane (1915), Foclóir Gaedhilge agus Béarla, Pádraig Ó Duinnín (1927), Foclóir Béarla agus Gaedhilge, Láimhbheartach Mac Cionnaith (1935), agus Foclóir Gaeilge agus Béarla, Niall Ó Dónaill (1977).

Chuige seo, bailíodh eolas ó na lámhscríbhinní agus cuireadh le chéile é i bhfoirm bhunachar inchuardaithe.   Tá thart ar fiche míle iontrálacha sa bhunachar, as X bailiúchán.  Is féidir an bunachar a chuardach de réir chritéir éagsúla, de réir chanúna mar shampla, nó de réir bhailitheora. 

Rinneadh taighde ar na hiontrálacha neamhghnáthacha, le fáil amach an bhfuil siad ar an taifead i bhfoclóir ar bith a bheadh in úsáid ag scoláirí nó foghlaimeoirí na linne seo.  Aimsíodh samplaí de fhocail nach bhfuil ar fáil in aon cheann de na foclóirí thuasluaite.  Is iad seo na “focail fholaithe”.  Tá sé fíor-thábhachtach na samplaí seo a chaomhnú ar bhealach éigin, le go mbeidh teacht ag scoláirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge orthu, nó caillfear iad.

Chomh maith leis sin, cuireadh an chiall nó míniú a thug na bailitheoirí ar na hiontrálacha acu i gcomparáid le hiontrácha na bhfoclóirí.  Tá samplaí liostáilte ar an suíomh d’iontrálacha nach raibh an chiall chéanna leo sa dá fhoinse.

Toisc teorainn éagsúla, níor éirigh leis an bhfoireann ach céatadán áirithe den ábhar luachmhar seo a dhigitiú.  Rinneadh iarracht samplaí de na mórchanúintí, agus de chanúintí eile a chur san áireamh sa mhéid a rinneadh, ach tá an-chuid lámhscríbhinní fágtha, in ionaid éagsúla, gan a bheith digitithe.  Ba mhaith le foireann FNG, amach anseo, tuilleadh ábhar a chur leis an mbunachar seo, tuilleadh taighde a dhéanamh ar an méid atá ann agus comhaid fhuaime a chur leis an suíomh.  Níl anseo ach an chéad chéim den tionscadal, agus táimid ag súil leis go mbeidh deis againn tabhairt faoi chéimeanna forbartha eile.

De réir mar a thuigimid, níl aon bhac orainn an t-ábhar lámhscríofa seo a úsáid, ach má tá a mhalairt de thuiscint ag duine ar bith, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn chun seo a phlé.

Ba mhaith le foireann agus Coiste Bainistíochta an tionscadail buíochas a ghabháil leis an gComhairle Um Thaighde in Éirinn as an tionscadal seo a mhaoiniú, le hAcadamh Ríoga na hÉireann, le Niall O’Leary Services a d’fhorbair an suíomh idirlín seo, leis an Ollamh Máire Ní Annracháin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus le Marion Gunn, iar-chartlannaí, a chuidigh go mór leis an bhfoireann.

An Fhoireann

Príomhimscrúdaitheoir: Dr Déirdre D’Auria

Imscrúdaitheoir Comhlach: Eilís Ní Mhearraí

Cúntóirí Taighde: Justin Ó Gliasáin (Eanáir – Iúil 2014), Justin Ó Scannaill (Eanáir – Iúil 2014), Gearóid Ó Conchubhair (Eanáir – Meán Fómhair 2014), Mícheál Ó Meachair (Eanáir – Meán Fómhair), Pádraig Mac Con Uladh (Meitheamh – Meán Fómhair 2014), Ailbe Ó Raghallaigh (Lúnasa – Nollaig 2014)