You are here

Cois Fhairraige

  1. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (c) déanamh + a.br. + ar
    Sampla(í) Úsáide: "deabhal doghadh dhéanfar ar thada" (7).
    Tuilleadh
  2. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (d) San áit mbeadh an r.fhoc. 'i' i mBéarla.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá siúcra air" (3) (ar an tae) "Ní raibh sile (bainne) agam le cur ar an tae" (1) "Builín bruithte ar bhainne" (1). "Póca raibh poll air" (2). "Tá súil ar an ngriféad" (7). "Ar an saoghal seo" (1), 'ar neamh' (1) A. "Bhfuil saoghal eile ann?" B. "Níl fhios agam ní raibh mé air" (3). "Cailleadh ar an leaba é" (33), "Ní raibh aon leaba sa teach nach raibh beirt uirthe" (33). "Ar aon leaba bhídis" (25). "Deamhan pighinn ar m'fhághaltas" (33). "Shíl mé go raibh solas ar an lampa seo" (1a). "Níl móin ar bith is is breácha mbíonn solas solas uirthe ná'n mhóin ghiolcaigh sin" (39). "Bhfuil breac ar bith dhá mharbhú uirthe" (1a) (ar an loch). "Tá iasg ar an loch sin" (12) (ach "bhfuil aon bhreac sa loch?" (1) .i. faoi láthair). "Bhí ceithre cinn déag ar an ál sin" (4). "Obair a bhfuil ceird uirthe" (4). "Ní bhíodh aon im ar an mbainne" (33). "Tá'n ghrian ar an aer" (1) 'ar an spéar (1a).
    Tuilleadh
  3. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r. fhoc. (e) Rud fhagháil air .i. rud fheiceáil (fagháil) ann.
    Sampla(í) Úsáide: "Ní gheobhfainn múineadh ar bith orthab" (26). "Níl mé ag fagháil meabhar ar bith orthab" (26)
    Tuilleadh
  4. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r. fhoc. (f) .i. (le áit).
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí fear maith ar a ghualainn aige" (2). (2). "Ar thóin an tighe" (1). "Ar thóin an tighe" (1). "Ar an mbainis" (25).
    Tuilleadh
  5. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r. fhoc. (h) .i. le déanamh ag duine, á dhéanamh ag duine.
    Sampla(í) Úsáide: "Cé'n obair bhíos ort?" (6) .i. Cé'n obair bhíos á dhéanamh agat. "Tá a bhiseach ar Dia" (1a) .i. le socrú ag Dia. "An mbíodh obair mhór orthab?" (12) "Nach sin í an cheird atá orthab" (4). "Níl orainn ach lasgadh siar" (32). "Ní aistir fada ort é" (14). "Ní bhíonn ar an gcapaill ach luighe agus eirghe" (2). "Pé brí céard' os breathnú bhí uirthi" (4) .i. a bhí ar bun aice. "Bhí síofróireacht air" (1). "Níl aon stopann orthab" (15) .i. Ní stopann siad chor ar bith. "Is ort atá an mhogailt air" (27) "Imtheacht ar bheithidhigh? (30) .i. bhfuil siad ag imtheacht (dhá cheannacht) "Níl aon néall air ach oiread leis an easóig" (1).
    Tuilleadh
  6. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. ar + f.-ainm sealbh, + a. br. .i. le linn, le,
    Sampla(í) Úsáide: "Tá sé an aimiléiseach ar a chuid óil" (7) .i. le linn dó dó bheith ag ól. "Tháinic sé go dtí mé ar mo chuid oibre" (3). "Bó nach mbeadh socair ar a bleaghaint" (27).
    Tuilleadh
  7. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (i) ar + a.br.
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí siad ar an obair chéadna" (1) .i. bhí an obair chéadna ar bun acub. "Duine ar bith bhíos ar an obair sin" (2) .i. ag déanamh na h-oibre sin. "Ar an ngrágghail céadna" (1) "Theighdís ar réidhteach" (33).
    Tuilleadh
  8. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (l) .i. á dhéanamh ag duine, ag obair le
    Sampla(í) Úsáide: "Bhíodar ar na sgadáin thiar" (46). "An t-am a mbíonn siad ar na runnachaí nó ar na faidhtíní" (6). "Ar na coinnle caithfeas tú a dhul" (7). "Muid ag dul soir maidin amháin ar photaí" (33).
    Tuilleadh
  9. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (m) .i. le teacht ar.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá athrú mór ar an saoghal fós" (27) .i. le teacht ar an saoghal. "Bhfuil uair eile air go mbeidh sé in am dínéir" (51). "Caithfidh sé go raibh an bás uirthe" (1). ("Tá báisteach, (sioc srl.) air").
    Tuilleadh
  10. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (n) Tréis aid.áirithe,
    Sampla(í) Úsáide: "Fear an-ghlan air féin é" (22), "Níl sí glan ar a cuid éadaigh" (1a). "An-phoinnteáilte air fhéin" (6). "Móin roighin atá deacair ar a baint" (1a). "Garrdha atá éasga ar a chur" (2). "Bó bhriosg ar a bleaghan í" (2)
    Tuilleadh

Pages