You are here

Cois Fhairraige

  1. a-luachra
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(f) .i. earc luachra
    Tuilleadh
  2. abhó
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): u.-bhreas, iongantais.
    Sampla(í) Úsáide: abhó! (17) le hiongantas. Abhó go deó! (27)
    Tuilleadh
  3. abhóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): léim ó chois amháin go dtí an ceann eile, coiscéim fhada.
    Sampla(í) Úsáide: "Is deabhalcaidhe na na h-ábhógaí atá aige" (3) .i. Is deabhaltaidhe fada na coiscéimeannaí atá aige. "abhógaí fear sléibhe atá aige" (27) .i. Coiscéimeanna fada.
    Tuilleadh
  4. abobiongnadh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): u. - bhreas, iongantais
    Sampla(í) Úsáide: "abobiongnadh, a mhuirnín is mo chroidhe thú (1A) - (focal ag sean mhrá)
    Tuilleadh
  5. abobobú
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): u. -bhreas, iongantais
    Tuilleadh
  6. ach
    Sampla(í) Úsáide: "deabhal néall tháinic orm fhéin i gcaitheamh na hoidhche ach ar an gcathaoir" (46) .i. Níor tháinig néall orm sé'n chaoi ar fhan mé ar an gcathaoir" (46)
    Tuilleadh
  7. ach
    Sampla(í) Úsáide: A. "bhfuil rothar agat?" B. "Níl ach ag crágáil" (2) .i. níl, sé'n chaoi bhfuil mé crágáil"
    Tuilleadh
  8. ach
    Sampla(í) Úsáide: "Ní raibh mórán agam ach ag imtheacht ag tomsacht anonn 's anail" (4).
    Tuilleadh
  9. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ach mar
    Sampla(í) Úsáide: "Deabhal mórán maitheasa bhéas orainn ach mar tá muid" (34) .i. ..... seachas mar atá muid, sé'n chaoi bhfanfaidh muid mar atá muid." "An raibh ciall ar bith riamh agat ach mar sin?" .i. seachas mar atá dhá thasbáint anois agat.
    Tuilleadh
  10. ach
    Sampla(í) Úsáide: "Is beag nach ceapfá ach gurabé deire an t-saoghail é" (1a). "Ní chreidfeá ach an t-iongnadh a chuir sé air" (6)
    Tuilleadh

Pages