You are here

ar

Iontráil sa Lámhscríbhinn: 
ar
Iontráil: 
Ciall nó Míniú (Gaeilge): 
r. fhoc. (h) .i. le déanamh ag duine, á dhéanamh ag duine.
Sampla(í) Úsáide: 
"Cé'n obair bhíos ort?" (6) .i. Cé'n obair bhíos á dhéanamh agat. "Tá a bhiseach ar Dia" (1a) .i. le socrú ag Dia. "An mbíodh obair mhór orthab?" (12) "Nach sin í an cheird atá orthab" (4). "Níl orainn ach lasgadh siar" (32). "Ní aistir fada ort é" (14). "Ní bhíonn ar an gcapaill ach luighe agus eirghe" (2). "Pé brí céard' os breathnú bhí uirthi" (4) .i. a bhí ar bun aice. "Bhí síofróireacht air" (1). "Níl aon stopann orthab" (15) .i. Ní stopann siad chor ar bith. "Is ort atá an mhogailt air" (27) "Imtheacht ar bheithidhigh? (30) .i. bhfuil siad ag imtheacht (dhá cheannacht) "Níl aon néall air ach oiread leis an easóig" (1).
Contae: 
Ceantar: 
Bailitheoir/Údar: 
Canúint: 
Bliain: 
?

Sonraí an Imleabhair

C020a Abhó - Aru
Bailitheoir/Údar: Tomás de Bhaldraithe
Canúint: Connacht
Sampla as an mbailiúchán:
Gan Teideal (Ábhar a bhailigh Tomás de Bhaldraithe - Cois Fharraige)