You are here
Cois Fhairraige
-
arc
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. duine beag, duine beag droch-mhúinte.
Sampla(í) Úsáide: "Séard é féin arc nimhe d'fhear (27) (4). "nach é an t-arc é (22) le duine beag droch-mhúinte.
Tuilleadh
-
árd
Sampla(í) Úsáide: "Bhí sé ag blaodhach as árd a chinn" (22) .i. in árd a chinn.
Tuilleadh
-
árd-bholg
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. bolg mór.
Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé ard-bholg air féin le'r ith sé" (3).
Tuilleadh
-
árd-cheann
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. duine gan chiall
Sampla(í) Úsáide: "Bhí sé 'na árd-cheann" (2) .i. bhí a cheann tóigthe air. "Árd-cheann ceart é" (22) .i. leath-cheann ceart.
Tuilleadh
-
árd-cheann
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. an duine is measa do dhream dona
Sampla(í) Úsáide: "Ba é an t-árd-cheann orthab é" (1a) .i. an duine ba measa orthab (agus iad ar fad go dona)
Tuilleadh
-
árd-intinniúl
Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. teasaidhe (le duine)
Tuilleadh
-
árd-intinniúl
Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. ceann dána
Tuilleadh
-
árd-réim
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a. (b) .i. faoi chliú, i bhfaisiún
Sampla(í) Úsáide: "sin é an cineál éadach atá in árd-réim anois" (1a) "Tá a ainm in árd-réim" (22).
Tuilleadh
-
árd-réim
Ciall nó Míniú (Gaeilge): go maith as
Sampla(í) Úsáide: "Tá sé in árd-réim anois"(22) .i. tá sé go maith as anois.
Tuilleadh
-
árd-thráthnóna
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f .i. deire an tráthnóna
Tuilleadh
Pages