You are here

ar

Iontráil sa Lámhscríbhinn: 
ar
Iontráil: 
Ciall nó Míniú (Gaeilge): 
r.fhoc. (d) San áit mbeadh an r.fhoc. 'i' i mBéarla.
Sampla(í) Úsáide: 
"Tá siúcra air" (3) (ar an tae) "Ní raibh sile (bainne) agam le cur ar an tae" (1) "Builín bruithte ar bhainne" (1). "Póca raibh poll air" (2). "Tá súil ar an ngriféad" (7). "Ar an saoghal seo" (1), 'ar neamh' (1) A. "Bhfuil saoghal eile ann?" B. "Níl fhios agam ní raibh mé air" (3). "Cailleadh ar an leaba é" (33), "Ní raibh aon leaba sa teach nach raibh beirt uirthe" (33). "Ar aon leaba bhídis" (25). "Deamhan pighinn ar m'fhághaltas" (33). "Shíl mé go raibh solas ar an lampa seo" (1a). "Níl móin ar bith is is breácha mbíonn solas solas uirthe ná'n mhóin ghiolcaigh sin" (39). "Bhfuil breac ar bith dhá mharbhú uirthe" (1a) (ar an loch). "Tá iasg ar an loch sin" (12) (ach "bhfuil aon bhreac sa loch?" (1) .i. faoi láthair). "Bhí ceithre cinn déag ar an ál sin" (4). "Obair a bhfuil ceird uirthe" (4). "Ní bhíodh aon im ar an mbainne" (33). "Tá'n ghrian ar an aer" (1) 'ar an spéar (1a).
Contae: 
Ceantar: 
Bailitheoir/Údar: 
Canúint: 
Bliain: 
?

Sonraí an Imleabhair

C020a Abhó - Aru
Bailitheoir/Údar: Tomás de Bhaldraithe
Canúint: Connacht
Sampla as an mbailiúchán:
Gan Teideal (Ábhar a bhailigh Tomás de Bhaldraithe - Cois Fharraige)