You are here

Cois Fhairraige

  1. arraing
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. pian tobainn
    Sampla(í) Úsáide: "Gan mothú gan arraing" (1a) .i. gan mothú ar bith - le duine thuitfeadh i laige.
    Tuilleadh
  2. arranta
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid .i. droch-mhúinte (níos láidire ná 'peevish', 'cranky' atá ag Duin).
    Sampla(í) Úsáide: "Labhair sé go h-arranta leis" (7) "Ná bí chomh h-arranta sin" (4) "Duine arranta" (1a).
    Tuilleadh
  3. árslios
    Sampla(í) Úsáide: "D'imreadar annsin díslí óir agus árslis airgid" (19). i sean-sgéal (.i.árd-slis?).
    Tuilleadh
  4. ársú
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. eirghe sean (le am amháin)
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí sé ársuighthe go maith sa lá" (10) .i. fada go maith sa lá. "......nó go n-arsuighidh an lá" (3).
    Tuilleadh
  5. artha
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. ortha.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá an artha aige" (1), a déarfaí le fear a n-eireochadh leis rud a dhéanamh nó a fhagháil nach mbeadh súil leis. "Chuir sí an artha dhó" (1) le sean-bhean, a n-eirigheadh léighe a mheallabh dá h-inghean.
    Tuilleadh
  6. aru
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): u.-bhreas ag deire abairte bhíonn sé
    Sampla(í) Úsáide: "An bhfuair tú é 'ru?" (6) "An ólfaidh tú tille tae 'ru?" (4)
    Tuilleadh

Pages