You are here
                    
                                          
Cois Fhairraige
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          airgead        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Tá oiread airgead aige a marbhochadh mada do shodar" (6) .i. go leor leor. "Tá marbhú mada d'airgead aige" (6) id. "Tá airgead Crích Banba aige" (10) id. "Tá Crích Banba airgid aige" (10) "Airgead coisricthe" (1) "Airgead baistighe" (1) .i. airgead íochtar ar bhaisteadh. "Is mór an t-airgead é féin ná mise" (27) .i. Tá níos mó airgid aige (cf. 'fear mór airgid')        
  
          Tuilleadh   
          -   
          airghe        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     a.b. .i. (táin). na hairghe .i. go leor.        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Tá fataí na hairighe agaibh" (7). "Airgead na hairghe" (1a).        
  
          Tuilleadh   
          -   
          áirgiúil         
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     aid. .i. lán le áirge        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Teach áirgiúil (10) (23) .i. teach mbeadh gach deis agus ball trosgáin ann.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          áirid        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     aid .i. áirithe.        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Duine áirid é" (11) .i. duine corr, duine ann féin. (Bhí duine áirid ann i. duine áiridhe).         
  
          Tuilleadh   
          -   
          áirid        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     aid. mar do-bhr.         
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Níl fhios agam áirid cé'n uair a theagann siad" (15). Níl fhios agam d'áirid" (4).        
  
          Tuilleadh   
          -   
          áirid        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     aid. In-áirid .i. cinnte        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Bhí sé in áirid a dhothain a bheith aige" (10) .i. ba sgéal cinnte é go raibh a dhothain aige. (féach 'ach')        
  
          Tuilleadh   
          -   
          áirse        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     a.b. "Faoi áirsí an tighe" .i. sa teach, faoi chaolachaí an tighe.        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Ná teara isteach faoi áirsí mo thighe arís" (4).        
  
          Tuilleadh   
          -   
          ais         
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     a.(b) leis an aid. sealbh.         
  
      Sampla(í) Úsáide:     "D'fhill mé ar m'ais" (33).        
  
          Tuilleadh   
          -   
          ais        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     a.(b) l'ais (le ais), le ais mar .i. i gcomórtas le        
  
      Sampla(í) Úsáide:     "Céard a chuala mise le t'ais a dhreáthair" (27) "Ní théighean carr as an gcéad aon l'ais mar théigheadh fadó" (19) "l'ais mar a bhíodh (3). "l'ais dhá gcaillteá....(2) "Fágaim le m'ais (10) (4) .i. gabhaim le m'ais.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          aisfhreagrach        
  
      Ciall nó Míniú (Gaeilge):     aid. .i. tugtha do'n aisfreagra        
  
          Tuilleadh   
      
      
  
      Pages