You are here

Cois Fhairraige

  1. aisiléara
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. Cleasaidhe.
    Sampla(í) Úsáide: "Aisléara maith thú" (4)
    Tuilleadh
  2. aisiléaracht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. Cocaireacht, ealadhain chainnte
    Sampla(í) Úsáide: "Leig do chuid aisiléireacht agus innis an fhírinne" (4), "........aisiléireacht ar bun acub" (16).
    Tuilleadh
  3. aisteach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. ait, mór, iongantach
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí rúcam aisteach ann" (1) .i. bhí rúcam mór, iongantach, ann. "Bhí pláigh aisteach Dé Sathairn acub ann" (22) .i. an phláigh iongantach. "Thug sé liobairt aisteach dhó" (1) .i. thug sé an-liobairt dhó. "Bhí siad 'na dhá muic aisteacha" (7) .i. Bhí siad an-bhreagh, an mhór mar mhuca.
    Tuilleadh
  4. aistghil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. aistiúlacht
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí aistghil orm" (1) .i. Bhí mé ag aireachtáil aisteach. (le tinneas, faitchíos, srl.)
    Tuilleadh
  5. aistidheacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. aistiúlacht
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí aistidheacht eicínt ag baint leis" (2)
    Tuilleadh
  6. aistir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. turas
    Sampla(í) Úsáide: "Ní aistear bó ionlaoigh orm é" (1) .i. Ní aistear trioblóideach orm é.
    Tuilleadh
  7. aistreán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. trioblóid, anró
    Sampla(í) Úsáide: "An t-aistreán a bhaineas leis" (11) .i. an trioblóíd bhaineas le dul go dtí é (áit). "Tá aistreán mór ar an bhfear sin (1a) .i. tá bealach acrannach le dul le'n é chur isteach. "Tá aistreán mór ar Mhac Mhicil ar an móin atá thoir" (49)
    Tuilleadh
  8. ait
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid .i. Iongantach maith
    Sampla(í) Úsáide: is ait an mac é, is ait an mac an tsaoghal.
    Tuilleadh
  9. áit
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. i n-ionad
    Sampla(í) Úsáide: "In áit a dhul go Gaillimh" (2)
    Tuilleadh
  10. áit
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. áit, in áit .i. mar
    Sampla(í) Úsáide: "Buaileadh mé áit a raibh mé deireannach" (2) A. "Cé'n fáth nach raibh tú ar an mbothar indiu" B. "N'áit raibh mé tinn" (29) .i. mar go raibh mé tinn.
    Tuilleadh

Pages