You are here

Cois Fhairraige

  1. aighneas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. comhrádh, araoid, forán.
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé aighneas air" (27) .i. Chuir sé aroid air, bhuail sé bleid air.
    Tuilleadh
  2. ailím
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. alum, "féirín"
    Sampla(í) Úsáide: "Is olc an ailím fuair sé" (10) (le drochbhean), is olc an 'féirín' "Is dona an ailím i dteach thú." "Is daor an an ailím cheannaigh tú" (28). "Ní ailím mhaith é" (28) .i. ní margadh maith é.
    Tuilleadh
  3. áill
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. carraig mhór, faill.
    Sampla(í) Úsáide: "Chomh láidir leis an áill" (1a) "Tá an beirt agaibh chomh folláin le dhá áill" (33). Chomh folláin le croidhe na haille" (4). (2). "Bhí sé déanta ar nós na haille" (1a) le fear mór láidir. "Ní raibh samhail ar bith 'na dhruim aige ach taobh aille" (7).
    Tuilleadh
  4. áilleacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. cáilidheacht an rud áluinn, aoibhneas.
    Sampla(í) Úsáide: "Ar áilleacht an domhain" (1) .i. an-áluinn ar fad. "Chuirfeadh sé áilleacht ort bheith ag éisteacht leis. (17) .i. chuirfeadh sé aoibhneas ort. "Chuirfeadh sé áilleacht ar do chroidhe..." (1a) .id.
    Tuilleadh
  5. ailleog
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. buille,
    Sampla(í) Úsáide: "Bhuail sé ailleog air" (2) "Thug mé ailleog do'n ord dhó" (1a). "Bhuail mé ailleog chloiche air" (23).
    Tuilleadh
  6. ailleog
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. béic
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé ailleog anois as (7) .i. béic.
    Tuilleadh
  7. ailpéara
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f .i. alpaire, bhéadh ag iarraidh a dhá láimh chur timpeall ar an saoghal
    Tuilleadh
  8. ailtín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. buile beag le ailt na láimhe,
    Sampla(í) Úsáide: "Seas ailtín dhom" (22) .i. Seas buille ar ailt na láimhe.
    Tuilleadh
  9. ailtín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. píoisín beag.
    Sampla(í) Úsáide: "Ailtín tobac" (10) .i. píoisín beag tobac.
    Tuilleadh
  10. aimhreas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. dabht, srl.
    Sampla(í) Úsáide: "San aimhreas" nó "In aimhreas", "Tá mé san aimhreas nach dtiocfaidh sé" (22) le "déanamh" "Ní dhéanfainn aimhreas ar bith nach é" (7) .i. ní bheadh aimhreas ar bith orm nach é.
    Tuilleadh

Pages