You are here

Cois Fhairraige

  1. aimhreasach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. amhrasach
    Tuilleadh
  2. aimhréidheas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. aimhréidhe
    Sampla(í) Úsáide: "Tá sé in aimhréidheas orm" (28) (Deirtear 'aimhreidhe' freisin go hannamh - cf. i bfastós).
    Tuilleadh
  3. aimhréidhseach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. aimhréidheach
    Sampla(í) Úsáide: Obair aimhréidhteach' (28).
    Tuilleadh
  4. aimiléis
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. mí ádh
    Sampla(í) Úsáide: "I nead na haimiléise" (28) .i. i gceart lár an mhí ádha. "I gcorrach na haimiléise" (2) id. "Nach é an aimiléis é" (1a) .i. Nach é atá go mí-ádhsach.
    Tuilleadh
  5. aimsir
    Sampla(í) Úsáide: "Tá a haimsir caithte aice" (1) - le ainmhidhe tá sí ar tí ceann óg a bhreith.
    Tuilleadh
  6. aimsir
    Sampla(í) Úsáide: "Aimsir chruadhógach" (7) .i. tráth do bhliadhain bhfuil go leor oibre le déanamh.
    Tuilleadh
  7. aineolaidhe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. duine aineolach
    Sampla(í) Úsáide: "Aineolaidhe 'sa ngarrdha é sin" (1)
    Tuilleadh
  8. ainimhthe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. br. .i. gortaighthe, bascaighthe
    Sampla(í) Úsáide: "Tá mé ainimhthe aige" (28).
    Tuilleadh
  9. ainleog
    Sampla(í) Úsáide: Ainleog chasta' (28). .i. cineál salachair a fhásas 'sa gcoirce.
    Tuilleadh
  10. ainm
    Sampla(í) Úsáide: "Bhain sé as a ainm é" (7) .i. Thug sé leasainm air
    Tuilleadh

Pages