You are here

Cois Fhairraige

  1. áit
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. is amhlaidh.
    Sampla(í) Úsáide: A. "Céard a tharla di?" B. "N'áit ar buaileadh splannc uirthe" (51).
    Tuilleadh
  2. aiteann
    Sampla(í) Úsáide: "Málaí aitinn" (22) .i. mála móra troma.
    Tuilleadh
  3. aithghiorrach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. tugtha do'n aithghiorra, gearr.
    Sampla(í) Úsáide: "Nach tú atá aithghiorrach" (11) le duine a ghearrfadh aithghiorra. "Bealach aithghiorrach" (2).
    Tuilleadh
  4. aithí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. ..i. ait + de (?)
    Sampla(í) Úsáide: "Ba bheag a b'aití leis é shámhlú leis" (1) ..i. ba bheag a thaithnigh leis.... "B'olc a b'aití leis é dhéanamh" (1a) .i. B'olc a thaithnigh sé leis.....
    Tuilleadh
  5. aithinne
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí an bhaisteach ag baint aithinniúchaí as na clocha" (3) .i. Bhí sé ag báistigh go trom,
    Tuilleadh
  6. aithinne
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. splannc céille.
    Sampla(í) Úsáide: "Níor fhan aithinne aige " (1a). "Ní raibh aithinne ar bith aige" (1a).
    Tuilleadh
  7. aithiseach
    Tuilleadh
  8. aithne
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. ordú
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé na seacht n-aithne orm gan a dhul ann" (1) .i. chuir sé go leor aitheannta orm gan dhul ann. "Seachain a mbrisfeá é sin, ní ag cur aithne ort é" (1) (Féach "Dia aithnightear").
    Tuilleadh
  9. aithne
    Sampla(í) Úsáide: aithne shúil .i. aithne ar chosúlacht dhuine. "Tá aitne súil agam air" (12). A. "Bhfuil aithne agat air" B. "Tá agus na deich n-aithne" (1) "Tá sé ag dul ó aithne orm" (25) .i. Ní féidir liom é aithneachtáil - thréis nár aithnigh sé ar dtús é. "Tá sé ag cailleadh na h-aithne" (1) .i. Tá teip air daoine aithneachtáil, le sean aois, e tinneas.
    Tuilleadh
  10. aithne
    Sampla(í) Úsáide: "Ní raibh aithne an deoir air" (2) .i. Ní raibh sé le aithneachtáil a air go raibh deoir ólta aige. "Ní raibh aithne snig air" (1) id. "Ní raibh aithne sliocht air" (1) id. "Bhí aithne an lae air (3) .i. Bhí sé le feiceáil go raibh an lá ag tosaighe ag breacadh. "Tá aithne fad ag teacht ar an tráthnóna" (22) .i. Tá fad le n-aithneachtáil ar an tráthnón.
    Tuilleadh

Pages