You are here

Cois Fhairraige

  1. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: "Gan a bheith ag tarraint aghaidh an t-sagairt orthab fhéin" (4). .i. gan bheith ag tarraint súil agus fearg an t-sagairt orthab fhéin.
    Tuilleadh
  2. aghaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. aghaidh a thabhairt ar dhuine" .i. Iompódh 'na treó, é ionnsaidhe
    Tuilleadh
  3. aghaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. dul ar aghaidh -
    Sampla(í) Úsáide: "Nuair a bhíos an ghealach ag dul ar a haghaidh" (14) .i. Nuair a bhíonn sí ag teacht chun cinn. "Bhfuil an rabharta ag dul ar aghaidh fós?" (7) ag teacht chun cinn
    Tuilleadh
  4. ágóid
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. duine cantalach droch-mhúinte (le bean is minic)
    Sampla(í) Úsáide: "Nach tú an ágóidín" (7) "Ágóidín mhaith í" (6). "Bheadh sé 'na agóid le canntal" (7)
    Tuilleadh
  5. aguisín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. Rud a ceannochthaidhe agus bheadh gortach
    Sampla(í) Úsáide: "Nach é an t-aguisín é" (7)
    Tuilleadh
  6. agus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. áit a mbeadh 'dá' nó 'má'
    Sampla(í) Úsáide: "Déarfainnse le dreathar Th. é agus castar dhom ar an mbóthar é" (25) .i. Dhá gcasfaidhe......
    Tuilleadh
  7. agus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. áit nach bhfuil call le 'agus'
    Sampla(í) Úsáide: "Nach mór an deabhal a bhí air agus é dhéanamh" (27) "Tiubhraidh sé cnámh le creinneadh dhó is an tír sin a choisint" (12). "Ar son Dé na trócaire agus innis dhom é" (6) "Dair brígh bhfuil do leabhair i nÉirinn is cuirfeadh sé uathbhas ort" (7). "Mo chraiceann 's ná raibh ag an deabhal" (1).
    Tuilleadh
  8. agus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. Théis 'gach'
    Sampla(í) Úsáide: "Gach 's a bhfuil ann agaibh" (1)
    Tuilleadh
  9. agus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. Thréis 'tharla' (Thál), lá, i ndán.
    Sampla(í) Úsáide: "Thál 's go raibh sé ann" (1). "Thál 's an rothar aige" (3). "Lá's go bhfuil an Fhrainnc buailte". (7)
    Tuilleadh
  10. agus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. i ndán is.
    Sampla(í) Úsáide: "Má tá in dán 's go dtiocfaidh sé" (3).
    Tuilleadh

Pages