You are here

Cois Fhairraige

  1. aeráil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a. br. .i. triomú le teine (le éadach)
    Sampla(í) Úsáide: "Ag aeréil éadaigh" (2) "Nach tusa atá an aeráil ort fhéin" (2) le duine bheadh sucaighthe isteach ag an teine.
    Tuilleadh
  2. aerghail
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. aeridheacht
    Sampla(í) Úsáide: "Níl ríoghchan le'n a chuid aerghail" (28). "Tá aerghail an t-saoghail ag baint leis" (22).
    Tuilleadh
  3. aermáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br.uir. .i. ag imtheacht le aer an t-saoghail (2).
    Tuilleadh
  4. áfach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. fach, poll coinín, franncaigh, gliomaigh
    Sampla(í) Úsáide: Afachaí franncaigh' (2) 'Annsin bhí an áfach aige' (27).
    Tuilleadh
  5. afróg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. cruadhóg & deifir 'un oibre
    Sampla(í) Úsáide: "Tá afróg air" (1a). "Bhí an oiread afróíge air nár fhéad sé fanacht" (23).
    Tuilleadh
  6. afrógach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. cruadhógach, fuadrach ag obair
    Sampla(í) Úsáide: "Nach tú tá afrógach" (27).
    Tuilleadh
  7. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. bheith + ag .i. is ceart so......
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é an lá bhí agat bheith amuigh" (1) .i. ba cheart dhuit bheith amuigh. "Ní annseo atá agamsa a bheith" "Gasúr nach mbeadh aige bheith ag cainnt." (14) "Ní annseo atá agamsa a bheith"
    Tuilleadh
  8. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Agam fhéin bhí cuimhniú air" (7). "Ní raibh agat a dhul anonn ná anall leis" (27).
    Tuilleadh
  9. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Istigh bhí aige fanacht" (22).
    Tuilleadh
  10. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Is ag an mbean atá an teach a rith" (17)
    Tuilleadh

Pages