You are here

Árainn Mhór

  1. streachlán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): fear atá fada ins na cosa
    Sampla(í) Úsáide: 1) Chuaigh streachlán de fhear siar an bothar ar ball agus ní fios domh go bhfaca mé é riamh roimhe. 2) Tá streachlán eile acu a bhfuil Seán air agus ní fios domh gur shaothraigh sé aon phingin riamh dó féin nó do aon duine eile.
    Tuilleadh
  2. tar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Tháinig sé amach: D'inis sé nó dúirt sé.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Is iontach go dtáinig sé amach lena leithéid de bhalgam cainte agus gan fios aige air an raibh sé i gceart. 2) Thainig bean a' tí amach le caint in oide fa dhuseadh a chur an íontas go deo orm. 3) Is íontach go dtáinig sí amach lena leithéid de fhocal agus an Sagart a bheith ansin ar an láthair.
    Tuilleadh
  3. tuar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): m. éadach ar líne agus iad amuigh ar triomú
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nach breá an tuar éadaigh atá amuigh agat? 2) Tá éadach amuigh ar an tuar agam agus caithfidh mé iad a chomhead ar eagla go dtiocfadh cioth orthu. 3) Ar bhain tú isteach ceireadh ón tuar nó an bhfuil mórán (éadaí) amuigh go fóill agat? 4) Thit tuar an eadaigh orm oiche na gaoithe móire agus d'fhág sin go raibh orm iad a ní athuair
    Tuilleadh
  4. Tuatach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): baisteadh tuatach - an baisteadh a bhíonn leanbh nach bhfuil láidir i ndiaidh a theacht ar an tsaol dí/dó.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Rinneadh baisteadh tuatach ar an leanbh i ndiaidh a theacht ar an tsaol dó. 2) Tá sé ceadmhach ag tuata baisteadh tuatach a dhéanamh sa chás go bhfuil an leanbh i gcontúirt báis. 3) Baisteadh solúnta a níos an sagart de ghnáth.
    Tuilleadh

Pages