You are here

Árainn Mhór

  1. fear
    Sampla(í) Úsáide: 2) Chuala mé gur phós Máire fear de chuid na hAlban agus gur fear airgid atá ann .i. go bhfuil measaracht airgid aige. Níl sé bocht.
    Tuilleadh
  2. fear
    Sampla(í) Úsáide: 3) Bhí mé ag caint le fear do shloinnidh an lá fa dheireadh .i. fear a bhfuil an sloinne céanna iar is atá ort féin.
    Tuilleadh
  3. fear
    Sampla(í) Úsáide: 4) Fear talaimh a bhí ann riamh. .i. ní dhearn sé aon iascaireacht agus ní raibh aon toghais do bhádaí aige.
    Tuilleadh
  4. fear
    Sampla(í) Úsáide: 1) Chuala mé go dtáinig corp fa thír sa chladach seo thíos inné. Níl siad ábalta a dhéanamh amach cad é an sórt duine a bhí ann, ach déarfainn féin gur fear farraige nó fear spéire a bhí ann. (Fear spéire - airman agus fear farraige = seaman .i. mairnéalach .i. iascaire, nó fear a bheadh ar bhád pleisiúir.,
    Tuilleadh
  5. gealachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): tuar de éadach geal, abair, braithliní, léinteacha >rl.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Beannú ort, bhí gealachán breá amuigh ó mhaidin agat. Caithfidh sé go raibh tú in do shuí go lua.
    Tuilleadh
  6. giordóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Bean bheag ghairid nach bhfuil mórán méide innti"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Maise ní raibh bealach cainte ag Máire í féin nó ní raibh inntí ach giordóg an lá a b'fhearr a bhí sí. 2) Cad én sórt duine an máistreas úr seo a tháinig an lá fa dheireadh? Máire is furrast a moladh. Níl inntí ach giordóg bheag i macasamhail - de dhuine.
    Tuilleadh
  7. glan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): go h-iomlán, ar fad, entirely.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Stad sé glan den phíopa. Tá sé stadtha glan de na toitíní anois. 2) Stad sé glan den airnéal. Ní chorraíonn sé ón teach anois. 3) Tá dearmad glan déanta aige ar sin anois le fada.
    Tuilleadh
  8. glinc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "léim nó cic tobann"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí achan ghlinc agus achan léim ag an asal nuair a bhain mé na cléibh dí i ndiaidh a theacht ón phortach domh. 2) Thug an asal (nó an beathach) glinc domh agus d'fhág spreite mé ar urlár an tí mé.
    Tuilleadh
  9. glinceach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Gan a bheith suaimhneach; a bheith tugtha do bheith a' léimnigh nó ag boc-léimnigh.
    Sampla(í) Úsáide: Tá an asal s'againn fén deas suaimhneach ach tá asal ghlinceach ag ar gcomharsa bheal dorais. 2) Gheobhaidh mé reitithe den asal seo ata againn nó ta sí glinceach agus deacair a oibriú. B'fhearr a d'fhóirfeadh asal shuaimhneach do na páistí.
    Tuilleadh
  10. gócach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): duine simplí, amaideach nach mbíonn an chuid is troime den chéill aige ar ______(?)
    Sampla(í) Úsáide: 1)Tá gócach eile de mhac aicí - fear a bhfuil - air - agus ní shílim gur shaothraigh sé dada riamh dí.
    Tuilleadh

Pages