You are here

Árainn Mhór

  1. i ndiaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): le h-íoc ar, le díol ar, mar luach ar,
    Sampla(í) Úsáide: Dúirt an siopadóir liom go raibh £2 i ndiaidh achan bhosca folamh a tháinig leis na h-earraí a cheannaigh sé agus go gcaithfeadh sé féin an luach sin a bhaint amach ortha le aon duine dena chuid custumóirí a cheannodh iad. 2) Cé mhéid atá ina ndiaidh aige .i. cén luach atá ortha.
    Tuilleadh
  2. ina dhiaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag cur trom ar dhuine, ag fáil lucht air, ag cur milleán air.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Níl mé ina dhiaidh ort as a leithéid a dhéanamh. 2) Níl mé ina dhiaidh ort as a bheith mall don scoil nó bhí siúl fada le déanamh agat. 3) Níl sé ceart againn a bheith ina ndiaidh orthu nó dinne siad a ndicheall.
    Tuilleadh
  3. ins
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ins na saighdiúrí = san arm
    Sampla(í) Úsáide: 1) Chaith sé bliain nó dhó ins na saighdiúirí nuair a bhí an cogadh ar siúl. 2) I ndiaidh do a ghabhail go Meiriceá chuaigh sé ins na saighdiúrú thall agus cuireadh amach a throid é.
    Tuilleadh
  4. laghdasach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine l. = duine dána nach féidir eagla a chur air, brazen, forward, etc.
    Sampla(í) Úsáide: Bean shuaimhneach shéimh a bhí i Máire sin riamh ach bhí an deirfiúr eile laghdasach ó fuair me aithne uirthi.
    Tuilleadh
  5. leaba
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): áit.. leaba na hancaireachta = talamh na haincaireachta, leaba na n-ancóirí
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhaineadar leaba na h-ancaireachta amach go lua ina dhiaidh sin. 2) Bhí na bádaí feistithe ag leaba na n-ancóirí.
    Tuilleadh
  6. leaba
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): áit..
    Sampla(í) Úsáide: 3) Caithfimid fanacht le aimsir mhaith a theacht. Níl aon mhaith do dhuine móin a bhaint muna bhfuil leaba thirim faoithe san áit a ritheas í a shreathnú.
    Tuilleadh
  7. leisce
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): to avoid, to obviate, le rud a sheachaint.
    Sampla(í) Úsáide: 1) D'fhág mé na beartáin sa teach octa ag am dinnéara, leisce a bheith a n-iompar liom fríd an bhaile. 2) Leisce a bheith ar obair a' cócaireacht Dé Domhnaigh, is minic go ndéanann bean an tí an dinnéir a dhéanamh réidh oíche Shathairn. 3) Gheárr mé an t-anchiorra leisc casbháil ar mhuintir an bhaile agus iad ag filleadh ón aifreann
    Tuilleadh
  8. lúrapat
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): fear saoithiúil, greannmhar.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Níl ann ach lúrapat de fhear. 2) Níl sé ceart áird a thabhairt air nó níl ann ach lúrapat gan dóigh.
    Tuilleadh
  9. méarán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cineál leathaigh a bhíos le fáil sa chladach.
    Sampla(í) Úsáide: "Leathach atá ann agus é ina dos agus brainsí ag imeacht as. Bíonn blas an tsiúchra air."
    Tuilleadh
  10. nioc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): teach no seomra nach mbeadh mórán fairsinge ann.
    Sampla(í) Úsáide: (1 Tá teach úr anois acu ach má tá féin bhí sin a dhiabháil orthu. Bhí siad fada mór(?) sa nioc udaí. 3) Níl a fhios agam cad é mar a thig leofa uilig bheith beo sa nioc udaí.
    Tuilleadh

Pages