You are here

Árainn Mhór

  1. blaind
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Blaosc an bháirnigh gan aon bhua a bheith fágtha ann".
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nuair a bhí na báirnigh bruite d'ith na páistí an bia a bhí a ionta agus d'fhág siad na blaindeannaí ina ndiaidh ar chladach na tine.
    Tuilleadh
  2. blasc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): tormán nó torann mór
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhuail sé an bórd (tábla) lena dhorn agus bhain blanc as. Druid an doras sin i gceart agus coinigh é ó bheith ag blascarnaigh leis. 3) Ag muscladh domh ar maidin bhí doras an bhoithigh ag blascarnaigh agus bhí eagla orm go mbrisfí é. 4) Bhí "fuinneog an staighre" ag blascarnaigh ag éirí domhsa ar maidin. (Bhí lá gaoithe móire ann).
    Tuilleadh
  3. bogasta
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cóngarach
    Sampla(í) Úsáide: 1) Caithfidh sé a bheith bogasta de am dinnéara anois? 2) Déarfainn go bhfuil sé bogasta d'am an Phaidrín anois. 3) Béidh sé bogasta de am scaoille am ar bith feasta. "Bogasta de am" in áit "i bhfogas de am" a deirtear.
    Tuilleadh
  4. bombláir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Duine bómanta gan agna nó intleacht.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Níl ann ach bombláir de dhuine. 2) Nach íontach gur phós sí bombláir mar é? 3) a léithéid de bhombláir ní chasfaí ort i súil an lae.
    Tuilleadh
  5. bradóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Páiste a mbeadh dúíl ag daoine ann, é a bheith deas slachtmhar múínte"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Is tú mo bhradóg ar a bhfuil de pháistí ar an bhaile, ?favourite?. 2) Sé Seán an bhradóg orthu uilig. 3) Bhí an tseanbhean riamh amhlaí. Ba í Máire a brádóg ó thús go deireadh.
    Tuilleadh
  6. bruidire
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "báirnigh mhóra a ghabhtear ina áiteacha faoi leith sa chladach
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bíodh mias nó canna linn agus bainfimid bruidirí thíos sa chladach ag teacht ina bhaile dúinn. 2) Chonnaic mé písín róin marbh thíos ag Cladach na mBruidirí ar maidin.
    Tuilleadh
  7. cabhair
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cuidiú , ach ní bhaintear úsáid as i dTír Chonaill ach le dí-mheas nó tarcuisne a chur in iúl
    Sampla(í) Úsáide: 1) An raibh aon duine ag cuidiú leis an mhóin a bhaint? Fr: Ní raibh ach tháinig an gasúr leis a bhí ar an scoil chuige tráthnóna. Bhuel tá a fhios ag Dia go raibh cabhair aige nuair a bhí seisean aige! Ar ndóigh níl urradh nó méid sa chréatúr sin go fóill.
    Tuilleadh
  8. caith anuas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cáineadh, ag fáil loicht ar.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Ba mhinic é a' chaitheamh anuas ar Albain agus ar an mhuintir a mbíodh sé ag obair dóibh agus é thall. 2) Ba mhinic go mbíodh Patrick Magill a' caitheamh anuas ar an sagart ins na leabhraí a scríobh sé.
    Tuilleadh
  9. cead
    Sampla(í) Úsáide: 1) Rinne sé é gan é a chur i gcead an tsagairt. 2) Cad é a dúirt d'athair leat nó ar chur tú ina chead é sul a dhearn tú é? 3) Níor mhaith le Máire pósadh gan an scéal a chur i gcead a muintir. 4) B'fhéidir nach mbeadh sé nach mbeadh sé sasta ach cur ina chead é i gcás ar bith.
    Tuilleadh
  10. ceann
    Sampla(í) Úsáide: 1) Thóg sí ceann corr don leanbh, "she took a spite for the child" ní raibh sí chomh maith dó is a ba cheart dí a bheith (an cion corr a ba cheart a bheith thíos do?)
    Tuilleadh

Pages