You are here

tuar

Iontráil sa Lámhscríbhinn: 
tuar
Iontráil: 
Ciall nó Míniú (Gaeilge): 
m. éadach ar líne agus iad amuigh ar triomú
Sampla(í) Úsáide: 
1) Nach breá an tuar éadaigh atá amuigh agat? 2) Tá éadach amuigh ar an tuar agam agus caithfidh mé iad a chomhead ar eagla go dtiocfadh cioth orthu. 3) Ar bhain tú isteach ceireadh ón tuar nó an bhfuil mórán (éadaí) amuigh go fóill agat? 4) Thit tuar an eadaigh orm oiche na gaoithe móire agus d'fhág sin go raibh orm iad a ní athuair
Contae: 
Ceantar: 
Bailitheoir/Údar: 
Canúint: 
Bliain: 
?1993?

Sonraí an Imleabhair

U117 Amháin - Usaoid
Bailitheoir/Údar: Pádraig Ua Cnáimhsí
Canúint: Uladh