You are here

Árainn Mhór

  1. nioc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): leaba bheag.
    Sampla(í) Úsáide: 2) Tá tú réidh le a ghabhail a luí anois agus ta do nioc le coiriú agam go fóill.
    Tuilleadh
  2. ola
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 1) ola lom = thin oil, light oil, ola ramhar = heavy oil.
    Sampla(í) Úsáide: Cuimlionn daoine ola-róin dá gcnámha mar léigheas ar phianta.
    Tuilleadh
  3. plubaire
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "duine a bhíos ag plubaireacht ag caint leis agus gan é ábalta labhairt mar is ceart"
    Sampla(í) Úsáide: Nach mór an plubaire mná an bhean amach .i. an bhean atá i ndiaidh an teach a fhágáil. 2) Bhí sí ag plubaireacht léi ó tháinig an oiche agus ní raibh tús nó deireadh ar a cuid cómhraidh. 3) Níl inntí ach plubaire gan dóigh agus níor cheart áird a thabhairt ar a leithéid in am ar bith.
    Tuilleadh
  4. reath
    Sampla(í) Úsáide: 1) Reath an bád amach as ola .i. bhí an ola san inneall caite. 2) Tá Cuma ar an bhean sin go bhfuil sí reaite anuas. 3) Bhí an duine bocht reaite as anáil nuair a bhí sé ag bínn na malacha. 4) Tá mé reaite as pór (.i. prátaí póir) agus caithfidh mé tuilleadh a cheannacht.
    Tuilleadh
  5. scinc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Té, anbhruith nó a leithéid a bheadh déanta go h-olc agus nach mbeadh sé furasta a ól.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nuair a chuir sí amach an té dúinn, ní té a bhí ann ach scinc. 2) A leithéid de scinc níor ól aon duine riamh. 3) Chan anbhruith a thug sí dúinn ach scinc gan mhaith. 4) A Chailleach déan braon maith té dúinn agus fág an scinc sin in do dhiaidh. 5) Níl iarraidh ar bith agam ar an chineál sin té; níl ann ach scinc.
    Tuilleadh
  6. seas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a) seasaigh = a bheith mar chuidiú nó mar chúl-taca.
    Sampla(í) Úsáide: Tá a fhios agam cad é a sheasaigh dó. Níor ól sé deoch agus níor chaith sé toitíní. 2) Ní h-íontas ar bith é go bhfuil sé go maith do mhuintir Phádraig nó sheasaigh siad leis ó fuair a bhean bás. 3) Níl aon duine ar an bhaile seo chomh folláin leis. An lia maith agus cúram atá aige atá ag seasamh dó.
    Tuilleadh
  7. seas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): b) aire a thabhairt do
    Sampla(í) Úsáide: Tá a fhios agam cad é a sheasaigh dó. Níor ól sé deoch agus níor chaith sé toitíní. 2) Ní h-íontach ar bith é go bhfuil sé go maith do mhuintir Phádraig nó sheasaigh siad leis ó fuair a bhean bás. 3) Níl aon duine ar an bhaile seo chomh folláin leis. An lia maith agus cúram atá aige atá ag seasamh dó.
    Tuilleadh
  8. sladaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ainm le dí-mheas, eas-urraim agus fearg a chur in iúl.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Imigh leat a shladaí amach as m'amharc. ("Deirtear seo fríd fhearg le duine") (paiste)
    Tuilleadh
  9. slupóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cineál áirithe duilisc.
    Sampla(í) Úsáide: "Duileasc atá ann a bhfuil duilleog mhór air."
    Tuilleadh
  10. smior-cailleach
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí Paidí sin ina fhear bhreá ach is mór a mheath sé le cupla bliain. Tá sé marbh ag an obair throm. Tá an smior-cailleach tarraingthe amach as agus chan íontas ar bith é i ndiaidh a dearn sé de obair i rith an tsamhraidh.
    Tuilleadh

Pages