You are here

Árainn Mhór

  1. ceann
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá seacht gceann de uibheacha sa bhascóid .i. uimhir chinnte.
    Tuilleadh
  2. ceann
    Sampla(í) Úsáide: 2) Níor chuntas mé iad ach déarfainn go raibh a seacht nó a h-ocht de cheannaibh ann (.i. uimhir éiginnte). 3) Chaith sé a sheacht nó a hocht de bhlianta i Meiriceá.
    Tuilleadh
  3. craiceann
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Craiceann an bháid = na cláraí atá taobh amuigh ar an bhád a mbíonn teangmháil acu leis an uisce.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá craiceann deas ar an bhád sin. 2) Cuirfidh an t-ádhmad éadrom sin craiceann ar an bhád duit. 3) Théann táirní isteach fríd chraiceann an bháid agus isteach ins na cas-ádhmaid. 4) Ag Anach Cuain fadó chuir caora a cos amach fríd chraiceann an bháid a bhí a dtabhairt go Gaillimh.
    Tuilleadh
  4. cuirdín dumhach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Planda a fhásann sa dumhaigh in aice an chlaidaigh agus bíonn nimh ann. Dá n-íosadh eallach barraíocht de bheirfeadh sé a mbás.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá an cuirdí dumhach sin olc ag an eallach.
    Tuilleadh
  5. doicheall
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): easpa cáirdis, mí-fháilte
    Sampla(í) Úsáide: 1) Chuaigh an madadh a bhí ina luí ar an úrlár a dhéanamh doichill leis an mhadadh a bhí leis an strainséir a tháinig chun an tí.
    Tuilleadh
  6. doicheallach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): neamh-fháiltiúl
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nach doicheallach an mhaise dó a leithéid de rud a rá le strainséir nach bhfaca sé riamh aroimhe. 2) Tá na daoine sin doicheallach i gceart. Níl sé de chroí acu scaradh le aon rud dá bhfuil acu. Ní thabharfadh siad rud ar bith ar iasacht do dhuine riamh.
    Tuilleadh
  7. duibhléaghach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ó "dubh" agus " léaghach" 1) Léaghach dubh atá ann a fhásann in áit íontach garbh agus deirtear go mbíonn cuid mhór iodine ann. 2) Bhaintí leas as duibhleaghach fadó mar leas le cur ar phreataí agus chun ceilp a dhéanamh.
    Tuilleadh
  8. duine beag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): leanbh, páiste.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí Máire ag dúil le duine beag san am .i. ag dúil le leanbh a bheith aicí. 2) Ní raibh an Máistréas ar an scoil san am nó bhí sí ag dúil le duine beag a bheith aici san am sin.
    Tuilleadh
  9. eallach
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá stoc mór eallaigh agus caorach aige. 2) Fuair sé réitithe den stoc eallaigh a bhí aige ach tá na caoirigh aige go fóill.
    Tuilleadh
  10. fear
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí mé ag caint le fear do thíre lá an aonaigh .i. fear as an áit amháin.
    Tuilleadh

Pages