You are here
                    
                                          
Na Déise
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          fios        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     knowledge
 Sampla(í) Úsáide:     fios ar = knowledge of.  Níl aon fhios agam air. = I know nothing about it.  Thá fios a ghnó aig = He knows his business.  (Ní dheirtí "Níl fhios agam." ach "Ní fheadar mé.")
 Tuilleadh
-   
          fiosrach        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     prying, meddlesome
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     ag bacaint le rudaí ná baineann leat
 Tuilleadh
-   
          firéad        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     Ferret
 Sampla(í) Úsáide:     fuigheallach firéid =  Ferrets leavings, leigheas ar a' triuch.
 Tuilleadh
-   
          fiseáilte        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     úr
 Tuilleadh
-   
          fiú        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     worth, price, value
 Sampla(í) Úsáide:     Cad is fiu an capall? = What is the horse worth.  Is fiu níos mó ná san é. = He is worth more than that.  Ní fiu mórán é. = It isn't worth much.  Ní fiu biorán  = It isn't worth a pin.  Ní raibh fiu an léine air. = He hadn't even a shirt on.  Ní fiu dhuit é. =  "It isn't worth your whil"  Ní fiu dada é. = Tis worth nothing.
 Tuilleadh
-   
          fiú        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     worth, price, value
 Sampla(í) Úsáide:     Ní fiu pingin é. = It is not worth a penny.  Sin é an méid is fiu é. = That's all its worth.  Ní fiú mórán é. = It is not worth much.  Cad is fiu é? = What is it worth.  Is fiu míle púnt é. = .i. Thá míle púnt aige.
 Tuilleadh
-   
          fiú        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     worth, price, value
 Sampla(í) Úsáide:     Cheannuig sé an capall ar níos mó ná mar is fiu é. = He bought the horse for more than he was worth.  Chaith sé níos mó ná mar is fiú é a thabhairt air. = He had to pay more than it was worth for it.
 Tuilleadh
-   
          fiú        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     worth, price, value
 Sampla(í) Úsáide:     fear gur fié luach a shaothair é.  fear gur fié é luach a shaothair a chúiteamh leis.  (Ní raibh "fiúntach" sa chainnt.)
 Tuilleadh
-   
          fiú        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     worth, price, value
 Sampla(í) Úsáide:     Ní fiú dada liom é. = I think it worth nothing.
 Tuilleadh
-   
          fiú        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     worth, price, value
 Sampla(í) Úsáide:     "mór is fiu" a dhéanadh dh = give him respect,  Make much of him.
 Tuilleadh
      
  
      Pages