You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. cuaird
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): visit
    Sampla(í) Úsáide: Duine a thagann ar cuaird - visitor. (Ní cuimhin liom cuartóir.) ar cuaird - on a visit. ag cuardaídacht - visiting - for talk 7rl.
    Tuilleadh
  2. cuaird thimpal
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): journey around, circuit
    Sampla(í) Úsáide: Thug sé cuaird thimpal a' pharóiste.
    Tuilleadh
  3. cuarduigh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to search, to "scour"
    Sampla(í) Úsáide: Thá an dútha cuarduighthe aca 'gá lorg. - They have searched the district 7rl. Bhí sé ag cuardacht árd is íseal. - Searching high and low.
    Tuilleadh
  4. cúbhar
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): froth
    Sampla(í) Úsáide: Bhí cúbhar breagh ar a' bpeannta pórtair. Bhí cúbhar alluis amach tríd a' gcapall. - Frothy sweat. Dh'imthigh leighead an chúbhair ar a raibh aige nó - leighead cúbhar na h-abhann. - all he had "melted" like froth.
    Tuilleadh
  5. cúbhar
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): froth
    Sampla(í) Úsáide: cúbhar alluis a bheith air, to froth. Bhí an capall failithe le cúbhar alluis. Bhí cúbhar alluis leis.
    Tuilleadh
  6. cuc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): glaodh coiligh
    Sampla(í) Úsáide: "Cuc a diuidiliú!" arsa an coileach.
    Tuilleadh
  7. cúib
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): coop, hen-coop
    Sampla(í) Úsáide: Thá an chearc ar gor sa chúib. Bhíodh "cúib" go minic fé bonn an driosúra.
    Tuilleadh
  8. cuibheasach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): moderate, middling
    Sampla(í) Úsáide: Bhí slipí cuibheasach saor ar a' margadh. - "Slips" were fairly cheap in the market. Fuair sé praghas cuibheasach maith ar a' mbo. - He got a fairly good price for the cow.
    Tuilleadh
  9. cuíbheasach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): moderate, middling
    Sampla(í) Úsáide: Ní raibh an praghas a bhí ar uain ach cuibheasach. - The price to be got for lambs was only middling. leath-chuibheasach = less than middling.
    Tuilleadh
  10. cuid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): share, supper
    Sampla(í) Úsáide: Bhí mo chuid ithte 'gam. - I had eaten my supper. Bhuail mé síos a' bóthar tar éis mo choda. Ith do chuid is teirigh suas a chodladh. Ní cuimhin liom "suipéar" a chlos.
    Tuilleadh

Pages