You are here

Cois Fhairraige

  1. achrannach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. aistreánach (le talamh, bóithrín srl.)
    Sampla(í) Úsáide: "Chomh hachrannach le roilig" (1a) le garrdha bheadh deachair a shaothrú do bharr clocha srl.
    Tuilleadh
  2. acht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(f) .i. (rud neamh-chinnte) 'D'acht is d'áirid' .i. i gcomhnuidhe, go seasta
    Sampla(í) Úsáide: "Beidh sé dhá dhéanamh sin d'acht is d'áirid" (7)
    Tuilleadh
  3. ádaradh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. (eadradh, am bleaghain na mbó), tamall, geábh
    Sampla(í) Úsáide: "Níór éirigh mé ham ádaradh" (b) .i. go dtí go deireanach ar maidin. "Codail mé ádaradh maith" (3) .i. tamall maith, "Caith mé ádaradh do'n lá ar chuairt" (6) .i. tamall, "Chaith sé ádaradh ann" (1). "Chaith mé ádaradh ag fanacht leis an suipéar" (1) "Tá an chéad ádaradh codhlaighthe agam" (3) .i. an chéad dhreas, an chéad bhabhta. "Bloidheann an coileach trí ádaradh" (2) .i. trí bhabhta. "Nuair a bhloidh an coileach an chéad ádaradh" (6).
    Tuilleadh
  4. ádh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. rath
    Sampla(í) Úsáide: "go gcuirfidh dia an t-ádh ort!" adeirtear le duine a bhfuil dul amugha air, nó a innsigheann sgéal do-chreidte.
    Tuilleadh
  5. ádh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. "san ádh"
    Sampla(í) Úsáide: "D'imthig siad san ádh" (46) .i. bhí an t-ádh ortha agus imtheacht, bhí an t-ádh orthab san áit a ndeacha siad chuige.
    Tuilleadh
  6. adhastar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. rópa le capall a chinnireacht.
    Tuilleadh
  7. adhastar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. rópa le capall a chinnireacht. "Adhastar an anró" .i. umar na haimiléise.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá mé in adhastar an anró anois" (1) "Tarrneochaidh tú in adhastar an deabhail mé" (22) .i. sa mí-ádh.
    Tuilleadh
  8. adhastar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. rópa le capall a chinnireacht.
    Sampla(í) Úsáide: "Ar an adhastar céadna atá siad" (1a) .i. ar an obair céadna. (cf. 'ar an rópa céadna')
    Tuilleadh
  9. adhbharsóir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. áirseóir (deabhal).
    Sampla(í) Úsáide: "Nach tú an t-ádhbharsóir" (28)
    Tuilleadh
  10. adhbharsóireacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. áirseóireacht
    Sampla(í) Úsáide: "Ag imtheacht ag adhbharseoireacht" (4).
    Tuilleadh

Pages