You are here

Cois Fhairraige

  1. ach
    Sampla(í) Úsáide: "Sé'n t'ainm thugann siad air ach 'sgut'" (23) "bhfuil fhios agat cé' d'innseochadh é sin dhuit ach Seáinín Beag." (4).
    Tuilleadh
  2. ach
    Sampla(í) Úsáide: "Blas ar bith ach gur thug mé aniar iad" (50) .i. ar éigin a thug mé aniar iad. "Ceo ar bith ach nár leag sé é" (2).
    Tuilleadh
  3. ach
    Sampla(í) Úsáide: "Ní fhaca tú ariamh ach a bhfuil do bháid ag dul soir" (1) .i. ní fhaca tú iongantas ar bith ach....
    Tuilleadh
  4. ach
    Sampla(í) Úsáide: "An bhfaca tú aon rud ariamh a caitheadh in aer ach iad" (22) .i. ........a caitheadh in aer mar a caitheadh iad.
    Tuilleadh
  5. achar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): tamall, (am 7 spás)
    Sampla(í) Úsáide: "Tá sé in achar a anama". (2) (22) .i. Tá sé ar tí bás fhagháil.
    Tuilleadh
  6. achar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): tamall, (am 7 spás)
    Sampla(í) Úsáide: "Thug sé réidh an achair dhó" (1a) .i. thug sin tamaill sgíthe dhó.
    Tuilleadh
  7. achmairt
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. eachmairt (le capall nó asal buineann).
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí achmairt uirthe" (27). "faoi achmairt" (1)
    Tuilleadh
  8. achrann
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. trioblóíd, troid le na briathra 'baint' & 'tarraint'.
    Sampla(í) Úsáide: "Ag baint achrainn asam" (2) .i. ag iarraidh mé a chur ag troid.
    Tuilleadh
  9. achrann
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): mar a.br. .i. ag troid
    Sampla(í) Úsáide: "ag achrann le chéile" (1).
    Tuilleadh
  10. achrannach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. tugtha d'achrann
    Sampla(í) Úsáide: "Chomh hachrannach le easóig" (1a), le duine canntalach.
    Tuilleadh

Pages