You are here

Cois Fhairraige

  1. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do. bhr. é amháin .i. even though, but nevertheless (i mbrla.)
    Sampla(í) Úsáide: "B'fhéidir go bhfuil go leor fágtha amach é amháin go bhfuil cuid mhaith tugtha síós innte" (13). "Níor thastaigh sé chor ar bith, é amháin go dtug mé liom é" (7). "Is fada an t-achar go dtí an tulach é amháin go bhfuil an bóthar go maith" (5). "Nár ba hé amháin dhuit!' (6) .i. Ná raibh tú taobh leis an méid sin (do dhonas).
    Tuilleadh
  2. amharc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. "leis an br. 'fagháil' + ...
    Sampla(í) Úsáide: "Ní bhfuair mé aon amharc air" (1). "Ní raibh amharc le fagháil air" (10).
    Tuilleadh
  3. amharc
    Sampla(í) Úsáide: "Bhfuil amharc i bhfad uait agat?" (1) .i. bhfuil tú i riocht rud atá i bhfad uait a aithneachtáil go maith. "Ní raibh aige ach amharc i ngearr dhó" (1a). "Bhfuil tú ag iarraidh amharc mo dhá shúil a bhaint díom" (27) .i. Bhfuil tú ag iarraidh a rádh liom nach bhfacas an rud atá mé ag innseacht dhuit a chonnaic mé. "Nár bhainidh Dia amharc do dhá shúil dhíót" (1a) le duine a bhainfeadh rud as faoi do shúil, nó le duine a d'fheicfeadh rud dhuit, a bhéadh ag cínnt ort fhéin fheiceáil.
    Tuilleadh
  4. amharc
    Sampla(í) Úsáide: "An t-amharc" (1) .i. an mac imleasain.
    Tuilleadh
  5. amhdachtáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. admháil
    Tuilleadh
  6. amhdáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. admháil
    Tuilleadh
  7. amlás
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(f) .i. sainnt
    Sampla(í) Úsáide: "Tá sé lán le amlás" (27).
    Tuilleadh
  8. amlásach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. sanntach, alpach
    Tuilleadh
  9. amlóir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. duine canntalach, (go h-áirid páiste)
    Sampla(í) Úsáide: "Nach é an t-amhloirín é" (6). "Tá sé 'na amhlóir leis an tinneas" (4).
    Tuilleadh
  10. amlóir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. amlóir
    Tuilleadh

Pages