You are here

Cois Fhairraige

  1. an-rud
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. bron, cás, meas. cion
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí an-rud aige orm" (4) (1a) .i. Bhí an-mheas agus an-chion aige orm. "Bhí sé an-rud leis" (3) .i. i dteach an chorpáin.
    Tuilleadh
  2. anabaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. uathbhásach, iongantach mór
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí méid anabaidh ann" (3) "beithidheach anabaidh" (1a). "Is anabaidh an croidhe atá aige" (3) .i. is dona an croidhe atá aige.
    Tuilleadh
  3. anachain
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. mí-ádh, anró
    Sampla(í) Úsáide: "Ní ag comhaireamh na hanachan é" (7) - a deirtear théis tagairt a dhéanamh do chailleamhaint, nó do thimpiste.
    Tuilleadh
  4. anál
    Sampla(í) Úsáide: "Thiubhradh sé anál dhuit" (23) .i. Thiubhradh sé deis dhuit "t'anál a tharraing", cáirde i gcúrsaí fiacha íoc.
    Tuilleadh
  5. análach
    Sampla(í) Úsáide: "Teach an-análach" (26) .i. teach bhfuil neart aeir ann, "Tá an seomra níos análaighe anois" (28) (thréis bheith plúctha).
    Tuilleadh
  6. anam
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí sé ag cur a anam amach thar a bhéal" (3) .i. Bhí an-fhaitchíos air (agus é ag rith go h-iondúil). "I gcontabhairt a anama" (1) .i. i mbaoghal a bháis. "Bhí faitchíos m'anama orm" (1). "Rith sé leis i mbun a anama" (3) .i. "I mbárr a anama" (1). "le bun a anama! (27) id. "Bhí mé in achar a n anama" (33) .i. i mbaoghal báis. "Bhí a chroidhe is a anam ann" (27) .i. Bhí an dúil aige ann, an-grádh aige dhó. "Ní raibh anam duine ann romhan" (2) .i. Ní raibh deoraidhe..... "Tá sé ag díol a anama" (22) le fear siopa bhéadh ag camadh i dtaoibh meadhachana. "Chomh dubh le anam tincéara" (1)
    Tuilleadh
  7. anam
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f go h-anam .i. ar fad (focal nua-aosach?)
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé a chois go h-anam ann" (1). "Ghabhfadh sé air go h-anam" (1) .i. bheadh sé ag súdáireacht air, ag magadh faoi, go dona. "Muinuigheadh go h-anam é" (1a) .i. mionuigheadh go géar é.
    Tuilleadh
  8. anam
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (Níl aon bhrigh láidir le 'm'anam' in abairtí mar sin, níl ann ach sórt leath-fhocal atá an-choitcheannta ar fad - féach chomh lag is atá sé annseo "m'anam go ndeacha, feictear dhom").
    Sampla(í) Úsáide: "Dair m'anam" (1), "Dair brigh m'anama" (1) "M'anam a dhia is do Mhuire" (1a). "M'anam go gcreidfinn é" (7) "M'anam go bhféadfá a rádh" (30). "Tá, a m'anam" (7).
    Tuilleadh
  9. anastach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. an-mhór, an-dona (le aimsir).
    Sampla(í) Úsáide: .i. Aimsir anastach" (1a). .i. aimsir mhór, droch-aimsir, "Cárr anastach féir" (12) .i. Cárr mór féir "Is anastach an t-ualach móna é" (3). "Is anastach an fear é" (2). "Cloch anastach" (14).
    Tuilleadh
  10. ancaire
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir mé ar ancaire í" (2). "Bhí sí caite ar ancaire ann" (1a). "Sé'n t-ancaire d'fhear é" (27) .i. fear mór láidir é.
    Tuilleadh

Pages