Iontráil sa Lámhscríbhinn: 
Sampla(í) Úsáide: 
"Bhfuil amharc i bhfad uait agat?" (1) .i. bhfuil tú i riocht rud atá i bhfad uait a aithneachtáil go maith. "Ní raibh aige ach amharc i ngearr dhó" (1a). "Bhfuil tú ag iarraidh amharc mo dhá shúil a bhaint díom" (27) .i. Bhfuil tú ag iarraidh a rádh liom nach bhfacas an rud atá mé ag innseacht dhuit a chonnaic mé. "Nár bhainidh Dia amharc do dhá shúil  dhíót" (1a) le duine a bhainfeadh  rud as faoi do shúil, nó le duine a d'fheicfeadh rud dhuit, a bhéadh ag cínnt ort fhéin fheiceáil.