You are here

Cois Fhairraige

  1. amlóireacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. Clamhsán, cannta.
    Sampla(í) Úsáide: "Leig do do chuid amlóireacht" (27)
    Tuilleadh
  2. amplúch
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. amplach
    Tuilleadh
  3. amugha
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do-bhr. .i. seachrán
    Sampla(í) Úsáide: "Tá dul amugha mór ort" (4) .i. Tá dearmad mór ort. "Is beag an dul amugha atá air (22) .i. Is beag an dearmad atá air. "Chuir mé amugha é" (2) .i. (a) Chuir mé ar strae é (duine) (b) leig amugha é (rud).
    Tuilleadh
  4. amuigh
    Sampla(í) Úsáide: "Thiar amuigh" (7) .i. Thiar i bhfad. "Gheall sé a raibh istigh is amuigh dhó" (2) .i. chuile shórt bhí aige. "Tá sé amuigh 'na dochtúír (1), (1) "Amuigh 'na mhúinteóir." (2) srl. (cf. "Cé'n nuair a tháinic sé amach?" .i. Cé'n uair a rinneadh sagart (múinteóir srl.) dó). "Tá sé ina dhlighe amuigh" (1a) .i. tá sé fógraighthe mar dhlighe. "Bhfuil sé i bhfad amuigh"? (2) .i. bhfuil sé i bhfad imthighthe (ní call go mb'as teach é, ach as áit a mbeadh sé le teacht ar ais chuige).
    Tuilleadh
  5. án
    Sampla(í) Úsáide: "D'fhill gach duine ar án a theach féin" (13). "Tá locht ar án a mhac freisin" (33). "Thosaigh aigeán a bárr" (2) "Fear atá pósta aigeán a inghin" (12). "Thug sé chuigeán a theach é" (7). "Tháinig sgéala chuigeán a mhuinntire" (12). "Roimh án a mbeilidhe" (2) (Féách nótaí gram, alt 70 (5)).
    Tuilleadh
  6. an
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.mhír threise bíónn an t-alt roimh 'an-' minic, tá sé níos láidre ná 'an' as féin. le a.b. bíónn an 't' roimhe.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá an t-an airgead aige" (1a) .i. go leor airgid. "An t-an tinneas" (10) "An t-an leigheas" (32) "An t-an cheilidhe" (3) "an t-an triomach"
    Tuilleadh
  7. an
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.mhír threise bíonn an t-alt roimh 'an-' minic, tá sé níos láidre ná 'an' as féin. le a.b. bíónn an 't' roimhe.
    Sampla(í) Úsáide: "An t-an chomhairle" (2) "An t-an oidhche" (1). "An t-an chuimse" (33).
    Tuilleadh
  8. an
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.mhír threise bíónn an t-alt roimh 'an-' minic, tá sé níos láidre ná 'an' as féin. Sa t. tabh.
    Sampla(í) Úsáide: "Sa t-an aoirde (18).
    Tuilleadh
  9. an
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.mhír threise. Is féidir 'an-' chur roimh ainm agus aideacht na dhiadh
    Sampla(í) Úsáide: "An-solas breagh" (44). "An-áit bhreagh" (30) "an-obair dhona" (4). "An-oidhche mhaith" (22) "An-aimsir gharbh" (2).
    Tuilleadh
  10. an
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.mhír threise. an +r.fhoc + ainm.
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí sé an i gceist fadó" (4)
    Tuilleadh

Pages