You are here
Uladh
-
anam
Ciall nó Míniú (BÉARLA): soul, life, activity
Sampla(í) Úsáide: Rith sé lena anam, he ran for bare lif Bhí truaighe m'anam agam dó, I had the pity of the world for him. Níl aon duine is an t-anam ann a dhéanfadh é, no one with any human feeling would do it. Duine gan anam, a heartless person. Bhain tú an t-anam asam,you gave me a terrible fright. Ar m'anam gur fíor é, upon my soul it is tru Is dubh ain ar d'anam, that is a black sin on your soul, you will answer for that at the Judgement. M'anam in mo leanbh! My own dear darling child! A sheacht mh'anam thú! Well done! Long may you live! D'fhág an t-anam é, he got the fright of his lif
Tuilleadh
-
anás
Ciall nó Míniú (BÉARLA): wretchedness, need, difficulty, misfortune, an untidy person
Sampla(í) Úsáide: Tá sé ar an anás, he is in a bad way, in poor circumstances. Tá anás ort! (inn.), how bad are you! Is tú an t-anás, what an untidy person you are! Níor leig mé anás ar na páistí, I saw to it that the children wanted for nothing.
Tuilleadh
-
anásta
Ciall nó Míniú (BÉARLA): wretched, difficult, needy, untidy, clumsy, heavy, difficult to work with
Sampla(í) Úsáide: Ag obair go h-anásta, working under difficulty. Fágadh go h-anásta í, she was left badly off. Bhí coiscéim anásta leis, he walked with a heavy awkward step. Tá dóigh bheag anásta ortha, they are in a poor way. Seanduine mór anásta, a big awkward old man. Tá sí anásta i bhfarraige, she (boat) plunges badly in a heavy sea.
Tuilleadh
-
anbhás
Ciall nó Míniú (BÉARLA): a sudden, violent death
Sampla(í) Úsáide: Le ar sábháil ar an-oidheadh, ar an-bhás agus ar an-dathaine an diabhail (prayer), to save us from a tragic fate, from a violent death, and from the wicked temptations of the devil.
Tuilleadh
-
anbhfainne
Ciall nó Míniú (BÉARLA): weakness, exhaustion
Sampla(í) Úsáide: Ag gabháil in anbhfainne atá sé, he is getting weaker. Bhí sé leis as a anbhfainne, he has it from his infancy.
Tuilleadh
-
anbhfann
Ciall nó Míniú (BÉARLA): weak, feeble, puny
Sampla(í) Úsáide: Teaghlach anbhfann, a family of small helpless children. Tá Cuma bheag anbhfann ar an leanbh sin, that child looks like an invalid.
Tuilleadh
-
anbhroid
Ciall nó Míniú (BÉARLA): captivity, slavery
Sampla(í) Úsáide: in anbhroid, in dire stress
Tuilleadh
-
anbhuan
Ciall nó Míniú (BÉARLA): unsteady
Tuilleadh
-
ancaire
Ciall nó Míniú (BÉARLA): an anchor
Sampla(í) Úsáide: Bád a chur ar ancaire, to anchor a boat. Chuamar ar ancaire in mbéal Ghabhla, we cast anchor, anchored, in Gola Bay. Bhí sí ag tarraingt an ancaire, she was dragging her anchor. Tá sé ar ancaire sna Rosaibh, he has settled in the Rosses, made his home ther
Tuilleadh
-
ancaire
Ciall nó Míniú (BÉARLA): hermit, anchorite
Tuilleadh
Pages