You are here

Dún na nGall

  1. doicheall
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): easpa cáirdis, mí-fháilte
    Sampla(í) Úsáide: 1) Chuaigh an madadh a bhí ina luí ar an úrlár a dhéanamh doichill leis an mhadadh a bhí leis an strainséir a tháinig chun an tí.
    Tuilleadh
  2. doicheallach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): neamh-fháiltiúl
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nach doicheallach an mhaise dó a leithéid de rud a rá le strainséir nach bhfaca sé riamh aroimhe. 2) Tá na daoine sin doicheallach i gceart. Níl sé de chroí acu scaradh le aon rud dá bhfuil acu. Ní thabharfadh siad rud ar bith ar iasacht do dhuine riamh.
    Tuilleadh
  3. Domhnach na Sméar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): an chead Domhnach de mhí Mheán Fhomhair
    Tuilleadh
  4. droichead maide
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): droichead a mbeadh maide air in ain áit leacacha.
    Tuilleadh
  5. dubh-aibhneach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): abhainn le bruacha airde agus crainn agus tomacha orthu.
    Tuilleadh
  6. dubhach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): glár dubh atá le fáil i bPortaigh le olainn a dhathú. Bog black.
    Tuilleadh
  7. duibhléaghach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ó "dubh" agus " léaghach" 1) Léaghach dubh atá ann a fhásann in áit íontach garbh agus deirtear go mbíonn cuid mhór iodine ann. 2) Bhaintí leas as duibhleaghach fadó mar leas le cur ar phreataí agus chun ceilp a dhéanamh.
    Tuilleadh
  8. duimheóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): abhainn fríd thalamh cothrom frid abair de ghnathach
    Tuilleadh
  9. duine beag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): leanbh, páiste.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí Máire ag dúil le duine beag san am .i. ag dúil le leanbh a bheith aicí. 2) Ní raibh an Máistréas ar an scoil san am nó bhí sí ag dúil le duine beag a bheith aici san am sin.
    Tuilleadh
  10. duisín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): buille - mar ba ghrathach a fhail ar scoil fado
    Tuilleadh

Pages