You are here
                    
                                          
Dún na nGall
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          achan        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Is minic an focal "achan" in usaid le treise a chur sa chaint.
 Sampla(í) Úsáide:     1) "Bhí achan léim aige, ar mhéad is a bhí de lúchair air". 2) Bhí achan  ghlinc agus achan léim ag an asal nuair a tugadh cead a cinn dí ar maidin. 3) Bhí achan  4) Bhí achan scread agus achan bhúirtheach ag na páistí nuair a chonaic siad an tarbh ag tarraingt orthu. 5) Ag teacht ina bhaile domhsa ón Bhín, bhí sé ina chodladh sa chathaoir agus achan crann aige.
 Tuilleadh
-   
          ag amrac        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     ag amrac le céile = ag argmáil (argóint) le chéile
 Sampla(í) Úsáide:     1) D'fhág mé an péire acu agus iad ag amrac le chéile fa rud inteacht a tháinig (nó a d'eirigh ) eatorra.
 Tuilleadh
-   
          ag scinceáil        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     a bheith a' cócaireacht gan mhaith.
 Sampla(í) Úsáide:     1) Cad é an scinceáil atá ort? (.i. ag athrú bainne, uisce nó lacht a shoitheáil go céile)
 Tuilleadh
-   
          ag scinceáil        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     a bheith a' cócaireacht gan mhaith.
 Sampla(í) Úsáide:      2) Tá tú ag scinceáil leat ar té ó bhí an mhaidin ann in áit dinnéar a dhéanamh réidh dúinn. (scinceáil = cócaireacht gan mhaith). 3) Tá Máire istigh sa phantraí agus scinceáil de chineál inteacht ar siúl aicí.
 Tuilleadh
-   
          ag smut        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     ag briseadh ola go mín le do lámha
 Tuilleadh
-   
          ag túrtáil         
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     ag cuairtiú, ag útamáil
 Sampla(í) Úsáide:     1) Thug sé aniar an trúnca a bhí faoin leaba agus ar dhul isteach domhsa, bhí sé ar a dhá ghlúin ar an urlár an trunca foscailt aige agus é a
 Tuilleadh
-   
          aifeis        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     fas bog fear - cluanach.
 Tuilleadh
-   
          aifirt        
 Tuilleadh
-   
          amháin        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     is minic an chiall "céanna" leis an fhocal seo i dTír Chonaill.
 Sampla(í) Úsáide:     1) Tógadh an bheirt acu sa teach amháin. 2) Tá an bheirt acu ar an chéill amháin. 3) B'ionann aois don phéire acu. Baisteadh iad san uisce amháin (nó an t-uisce amháin a bhaist iad). 4) Bhí siad ar an scoil amháin agus iad beag. 5) Ba as an áit amháin thiar i gConnachta don bheirt acu. 6) Tá an luach amháin ar an bheirt acu. 7) An léigheann amháin a fuair siad uilig.
 Tuilleadh
-   
          an ruadhas        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     the "rose" aicid - erysipelas
 Tuilleadh
      
  
      Pages