You are here

Dún na nGall

  1. achan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Is minic an focal "achan" in usaid le treise a chur sa chaint.
    Sampla(í) Úsáide: 1) "Bhí achan léim aige, ar mhéad is a bhí de lúchair air". 2) Bhí achan ghlinc agus achan léim ag an asal nuair a tugadh cead a cinn dí ar maidin. 3) Bhí achan 4) Bhí achan scread agus achan bhúirtheach ag na páistí nuair a chonaic siad an tarbh ag tarraingt orthu. 5) Ag teacht ina bhaile domhsa ón Bhín, bhí sé ina chodladh sa chathaoir agus achan crann aige.
    Tuilleadh
  2. ag amrac
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag amrac le céile = ag argmáil (argóint) le chéile
    Sampla(í) Úsáide: 1) D'fhág mé an péire acu agus iad ag amrac le chéile fa rud inteacht a tháinig (nó a d'eirigh ) eatorra.
    Tuilleadh
  3. ag scinceáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a bheith a' cócaireacht gan mhaith.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Cad é an scinceáil atá ort? (.i. ag athrú bainne, uisce nó lacht a shoitheáil go céile)
    Tuilleadh
  4. ag scinceáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a bheith a' cócaireacht gan mhaith.
    Sampla(í) Úsáide: 2) Tá tú ag scinceáil leat ar té ó bhí an mhaidin ann in áit dinnéar a dhéanamh réidh dúinn. (scinceáil = cócaireacht gan mhaith). 3) Tá Máire istigh sa phantraí agus scinceáil de chineál inteacht ar siúl aicí.
    Tuilleadh
  5. ag smut
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag briseadh ola go mín le do lámha
    Tuilleadh
  6. ag túrtáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag cuairtiú, ag útamáil
    Sampla(í) Úsáide: 1) Thug sé aniar an trúnca a bhí faoin leaba agus ar dhul isteach domhsa, bhí sé ar a dhá ghlúin ar an urlár an trunca foscailt aige agus é a
    Tuilleadh
  7. aifeis
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): fas bog fear - cluanach.
    Tuilleadh
  8. aifirt
    Tuilleadh
  9. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): is minic an chiall "céanna" leis an fhocal seo i dTír Chonaill.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tógadh an bheirt acu sa teach amháin. 2) Tá an bheirt acu ar an chéill amháin. 3) B'ionann aois don phéire acu. Baisteadh iad san uisce amháin (nó an t-uisce amháin a bhaist iad). 4) Bhí siad ar an scoil amháin agus iad beag. 5) Ba as an áit amháin thiar i gConnachta don bheirt acu. 6) Tá an luach amháin ar an bheirt acu. 7) An léigheann amháin a fuair siad uilig.
    Tuilleadh
  10. an ruadhas
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): the "rose" aicid - erysipelas
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Dún na nGall