You are here

Dún na nGall

  1. bun-ribe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): goirín ag bun ribe féasóige
    Tuilleadh
  2. cabhair
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cuidiú , ach ní bhaintear úsáid as i dTír Chonaill ach le dí-mheas nó tarcuisne a chur in iúl
    Sampla(í) Úsáide: 1) An raibh aon duine ag cuidiú leis an mhóin a bhaint? Fr: Ní raibh ach tháinig an gasúr leis a bhí ar an scoil chuige tráthnóna. Bhuel tá a fhios ag Dia go raibh cabhair aige nuair a bhí seisean aige! Ar ndóigh níl urradh nó méid sa chréatúr sin go fóill.
    Tuilleadh
  3. cailleach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): preamhacha crann guíse i bportach.
    Tuilleadh
  4. cailleach feamnaighe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): feamnach a cheanglófaí i rópaí agus a shnamhadh ar an láin-mhara agus a rabaradh fear anios an cuan le pola fada adhmaid agus é féín ina sheasamh ar nó a tharraingofar aníos le bád.
    Tuilleadh
  5. caith anuas
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cáineadh, ag fáil loicht ar.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Ba mhinic é a' chaitheamh anuas ar Albain agus ar an mhuintir a mbíodh sé ag obair dóibh agus é thall. 2) Ba mhinic go mbíodh Patrick Magill a' caitheamh anuas ar an sagart ins na leabhraí a scríobh sé.
    Tuilleadh
  6. caitheamh agus cáineadh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): síor lochtú agus cáineadh. Théann an dá fhocal seo le chéile sa chaint i dTír Chonaill i gcónaí.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Ba mhinic caitheamh agus cáineadh aige ar Albain ach ní bheadh beo ar bith air ach gobé an saothrú a fuair sé thall ansin. 2) Is minic caitheamh agus cáineadh aige ar a chuid comharsan ach cá h-áit a mbeadh sé gan iad?
    Tuilleadh
  7. camógaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): na poill i lár cleibh.
    Tuilleadh
  8. casadh-fa-staca
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): plannta - convolvulus - a fhasann ó riascan
    Tuilleadh
  9. cat breac
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): an t-ainm a tugadh ar an Ghaeilg a rinn ministéirí Gallta iarracht a mhuineadh do chaitliocaigh ó leabhraí "cat breac" an chéad cheacht sa leabhar.
    Tuilleadh
  10. cead
    Sampla(í) Úsáide: 1) Rinne sé é gan é a chur i gcead an tsagairt. 2) Cad é a dúirt d'athair leat nó ar chur tú ina chead é sul a dhearn tú é? 3) Níor mhaith le Máire pósadh gan an scéal a chur i gcead a muintir. 4) B'fhéidir nach mbeadh sé nach mbeadh sé sasta ach cur ina chead é i gcás ar bith.
    Tuilleadh

Pages