You are here

Dún na nGall

  1. an-fhreagra
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): freagra gairid, giorraisc gan mhúineadh. "back-answer"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Thug an gasúr ain-fhreagra ar a mháthair nuair a chuir sí ceist air fa dtaobh de. 2) "A smuilcín gan mhúineadh ná tabhair a léithéid de ais-fhreagra ormsa"
    Tuilleadh
  2. aois
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): san aois ina bhfuil mé, i ndiaidh chomh aosta liom.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá mé san aois ina bhfuil mé agus níor mhothaigh mé an scéal sin canta riamh go dtí seo. 2) Tá íontas ar dhaoine go ndéanfadh fear sa aois a bhfuil sé sin a leithéid de rud. 3) Tá mé san aois ina bhfuil mé agus ní cuimhneach liom a leithéid de dhroch-aimsir a fheiceáil riamh go dtí seo.
    Tuilleadh
  3. ath-phréataí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): préataí a fagadh sa talamh in dhiaidh bhaint na bpréataí an bhliain roimhe sin.
    Tuilleadh
  4. athrach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): "alternative"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Ó tharla go bhfuil a bhád ó mhaith ní raibh a athrach le déanamh aige ach dul go hAlbain. 2) Chuala mé gur dhíol tú do do bhó lá an aonaigh? Fr. Dhíol. Bhuel ní raibh a athrach le déanamh agam ó tharla mé a bheith gann ar fhodar dí. 3) D'inis sí an fhírinne. Ní raibh a athrach a dtiocfadh léi a dhéanamh i gcás ar bith.
    Tuilleadh
  5. athrach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): "as likely as a rat"
    Sampla(í) Úsáide: 1) "Chomh dóiche lena athrach, béidh Paidí ag an chéilí anocht" 2) Chomh dóiche lena athrach an sagart paróiste a phós fas iad. 3) Chuala mé gur cheannaigh sé tonna gual an lá fa dheireadh. Chomh dóiche lena athrach níl fód ar bith den mhóin fágtha aige .i. tá sí dóite aige.
    Tuilleadh
  6. bain sléibhe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cnoc mór chuinn - Carn an Mhaoin
    Tuilleadh
  7. baoideach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): beag
    Tuilleadh
  8. batailt chochain
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): uchtar cochain ceangailte le chéile.
    Tuilleadh
  9. bean choiteanta
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): harlet
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): striapach
    Tuilleadh
  10. blaind
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Blaosc an bháirnigh gan aon bhua a bheith fágtha ann".
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nuair a bhí na báirnigh bruite d'ith na páistí an bia a bhí a ionta agus d'fhág siad na blaindeannaí ina ndiaidh ar chladach na tine.
    Tuilleadh

Pages