You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. faghair
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): ravine
    Sampla(í) Úsáide: Ghearraig an baidhm-sléibhe (ʃl'e:) faghair anuas cliathán a' chnuic. ("baidhm" in áit "maidhm") "An Fhaghair Dhearg", "An Fhaghair Láir" = log-ainm.
    Tuilleadh
  2. faghair
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): ravine, chasm
    Sampla(í) Úsáide: Bhí faghair dhoimhin idir a' dá chnoc. "An fhaghair dhearg" 7 "barra na faghrach dirge" = log-ainm.
    Tuilleadh
  3. faic
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): "nothing"
    Sampla(í) Úsáide: Níor bhain faic do. = Nothing happened to him. Escaped "without a scratch".
    Tuilleadh
  4. faiche
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): lawn, playing field
    Sampla(í) Úsáide: "An fhaithche". = ainm páirce
    Tuilleadh
  5. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length
    Sampla(í) Úsáide: faid na páirce. faid mo radhairc = extremity of my view. Na laetheanta ag dul i bhfaid 's i bhfuaireacht, .i. san Earrach.
    Tuilleadh
  6. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length of time or space
    Sampla(í) Úsáide: an fhaid = while, an fhaid agus bhíonn an t-sláinte ag duine níl cúis gearáin aige = While a person has his health 7rl. Bhí dhá phiunta ólta agam an fhaid ag bhí me ag fuireacht leis. = ... while I was waiting for him. Is mise an maighistir an fhaid agus mhairfead. = ... while I live.
    Tuilleadh
  7. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length of time or space
    Sampla(í) Úsáide: ag dul i bhfaid = getting longer, being drawn out. Thá an gnó ag dul i bhfaid. = The business is being "drawn out". "An rud a theigheann i bhfaid theigheann sé i bhfuaireacht" = Sean Rádh.
    Tuilleadh
  8. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length
    Sampla(í) Úsáide: faid mo mhéire, dá fhaid é an lá tagann an oidhche, an fhaid agus bhí sé annso níor labhair sé focal.
    Tuilleadh
  9. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length
    Sampla(í) Úsáide: An fhaid agus bheitheá ag rádh "Dia lem anam". = While you'd be saying God bless my soul. An fhaid agus bheitheá ag radh "trap stick"?! = While you'd be saying "trap stick". An fhaid agus bheitheá ag bogairt do shúil(e). = While you'd be winking. An fhaid agus a bheitheá ag tochas do chluaise.
    Tuilleadh
  10. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length, duration
    Sampla(í) Úsáide: faid a shaoghail = the length of his life. I bhfaid a shaoghail go léir níor cuaidh sé thar teora an paróiste = During his whole life 7rl. An fhaid a sheasuig sé. = While it lasted 7rl. faid saoghail (se:l') chúghat = Long life to you. An fhaid a sheasuigh an cogad. = While the war lasted, .i. the duration of the war.
    Tuilleadh

Pages