You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. corc
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): cork
    Sampla(í) Úsáide: Cuir an corc sa mbuidéal. Ní raibh aon chorcanna ins na buidéil. Bhí sé ag tarraingt an chuirc agus bhris sé scogall an bhuidéil. Chomh éadrom le corc. - as light as a cork.
    Tuilleadh
  2. corcán
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): pot
    Sampla(í) Úsáide: Cuir an corcán prátaí ar a' tin bfuil uisce sa chorcán ? - Is there water in the pot. corcán mór. gearra-chorcán = middle sized pot.
    Tuilleadh
  3. corcán
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): pot
    Sampla(í) Úsáide: cosa an chorcáin. corcán trí cos - Three legged pot. Tóin an chorcáin. - Chomh dubh le ____. fiora an chorcáin - The rim (edge) of the pot. "cover" an corcáin - Tuigfí "clúdach" ach b'annamh a dheirtí é. Cluasa an chorcáin. "haingéir" - pot hangers. Cuirtí na crúcaí isteach ins na "cluasa" ar crochtaidhe ar a gcroch é.
    Tuilleadh
  4. corcán mór
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): cauldron, big pot
    Sampla(í) Úsáide: Bhí corcán mór aca chun biadh na muc a bheirbhiughadh. Corcán mór práisce. Biodh corcán mór i ngach te' feirmeora fad ó.
    Tuilleadh
  5. corcóg
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a hive
    Sampla(í) Úsáide: na beacha a chur i gcorcóig - to put the bees in a hive. an saithe a chur i gcorcóg. Thá an saithe curtha i gcorcóg aige. - He has "hived" the swarm.
    Tuilleadh
  6. córda
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): string, rope
    Sampla(í) Úsáide: bheith ar chorda. - be on a (leading?) string. Bhí gaidhirín ar chórda aici. Tá a fear ar chórda aici. - She has her husband on a string. ar chórda, ar iall, ar srian.
    Tuilleadh
  7. córda
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): cord, light rope
    Sampla(í) Úsáide: ceangailte le córda. córda ar chois muic píosa ' chórda - piece of cord. bríste córda - .i. bríste corduroy.
    Tuilleadh
  8. córda
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): string, rope
    Sampla(í) Úsáide: Bhí sé ar chórda 'ci. - She had him on a string. Bhí sé ar srian aici. - She had him on a string.
    Tuilleadh
  9. córda
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): twine, cord
    Sampla(í) Úsáide: píosa chórda - piece of twine
    Tuilleadh
  10. córda
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): cord, light rope, string
    Sampla(í) Úsáide: Níos coitchinne na "srang". ceangail le córda - tie with string.
    Tuilleadh

Pages