You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. claoidhte
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): lovelorn, worn out, oppressed
    Sampla(í) Úsáide: "Is claoidhte an galar an grádh." Níor airigheas "claoidhte" ach san abairt sin.
    Tuilleadh
  2. clap-sholus
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): twilight
    Tuilleadh
  3. clár
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): board
    Sampla(í) Úsáide: "an clár bog déil" - amhran. urlár clár (cláir ? ) éadach cláir - table cloth. "fé clár" - being waked.
    Tuilleadh
  4. cleap
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): syphilis, gonorrhaea, agus gach aicíd den tsórt seo.
    Tuilleadh
  5. cléarálaim
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): I clear
    Sampla(í) Úsáide: é chlearáil amach - To clear it out. Thá an scioból cléarálta acu i gcomhair an phósta. - The have cleared the barn for the wedding.
    Tuilleadh
  6. cléaráltha
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): clearly, distinctly
    Sampla(í) Úsáide: labhrann sé go cléaráltha - He speaks plainly. - (distinct). [Bhí "plain-áltha" sa cainnt leis.]
    Tuilleadh
  7. cleas
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): joke, trick
    Sampla(í) Úsáide: Dh'imir (jimir') sé cleas air. - He played a trick (joke) on him.
    Tuilleadh
  8. cleas
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): trick, practical joke, lark
    Sampla(í) Úsáide: Dh'imir sé clais air. - He played a trick on him. Ní raibh ann ach cleas magadh. - .i. a funny trick.
    Tuilleadh
  9. cleathar
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): clatter
    Sampla(í) Úsáide: cleataráil, Bhí na buicéidí ag cleataráil sa trucaill.
    Tuilleadh
  10. cléireach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): clerk
    Sampla(í) Úsáide: cléireach a' tséipéil. cleireach siopa. Ghlaodhtaí "cléireach" ar aon fear a bheadh taobh thiar de chúntar i siopa.
    Tuilleadh

Pages