You are here

Cois Fharraige

  1. ach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): as soon as, when
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 1. Cón. (c) Ach a (cón. ama), as soon as, when.
    Sampla(í) Úsáide: Tá siad ag goill ar baint fhraoigh ach a dtiocfaidh an sioc, they are going to start in on cutting the heather as soon as the frost comes... Beidh spraoi againn ach a dtige sé (6) we will have fun as soon as he comes. ach a dtosaí siad ag leagan beatha anuas (25) as soon as they start serving food.
    Tuilleadh
  2. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 1. Cón. (d) (Cón. ain. le fo-rá nó fo-chlás)
    Sampla(í) Úsáide: Bhí mé an-sásta ach é imtheacht (34) I was very pleased that he went. Cf. (c) thuas. Ní chreidfeá ach a raibh acab ann, you wouldn't believe the great number of them that were there. Ní creidfeá ach an t-iongnadh a chuir sé air, you wouldn't believe the wonder it caused him. Is beag nach gceapfá ach gurb é deireadh an tsaoghaill é (1A) you would almost think it was the end of the world.
    Tuilleadh
  3. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 1. Cón.(e) Ach cé (con. le fochlás. ain.)
    Sampla(í) Úsáide: Níl a fhios go deo ach cén buidheachas a bhí aige air, there is no knowing how grateful he was to him. Ach cé chomh (con. le fochlás. ain.) Níl a fios ach cé chomh ard is a chuaidh an taoille aréir, there is no knowing how high the tide went last night.
    Tuilleadh
  4. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 1. Cón.(e) Ach mar (con. le fochlás com.)
    Sampla(í) Úsáide: Deabhal blas atá siad a fhagháil sa mbaile mór ach mar tá muide a fhagháil (7), devil a bit are they getting in the town other than what we are getting. Ni thiobhrthá samhail ar bith dhá chuid stocaí ach mar thomfá síos i mbuicéad uisce iad, his stockings were as if you steeped them in a bucket of water - there was no other comparison for them.
    Tuilleadh
  5. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 1. Cón. (f) Ach oiread le (Con. le fo-rá, com.)
    Sampla(í) Úsáide: Dheamhan difríocht a bhí ann ach oiread le bheith annseo, it was no different from being here.
    Tuilleadh
  6. ach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): (a) but, only.
    Sampla(í) Úsáide: An rabh agaibh ach mála (54), had you only (one) bag? Ní rabh muid ach ina ngasúir (2), we were only children. Níl aon cheann agam ach ceann (44), I have but one. Céard a chaith mé ann ach deich nóiméad (50), What time did I spend there but ten minutes.
    Tuilleadh
  7. ach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): (b) Except for, but.
    Sampla(í) Úsáide: Trí scóir ach péire (23), three score but two. Fuair mé chúig phunt ach coróin air (22), I got five pounds but five shillings for it.
    Tuilleadh
  8. ach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): (c) Compared to.
    Sampla(í) Úsáide: Ní fhaca tú aon cheo ariamh ach Gaillimh an uair sin. (43), you never saw anything compared to Galway at that time. Ní fhaca mise aon fhear a rabh ubhallaí aige ach C. (52) I saw no man with as many (as good) apples as C. An fhaca tú aon rud ariamh a caitheadh in aer ach iad. (22)? Did you ever see anything that was discarded like them. Ní fhaca tú ariamh ach a bhfuil de bháid ag goil soir, You never saw anything compared to the number of boats that are going east.
    Tuilleadh
  9. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 2. Réamh. dobh. (d) (Le fo-rá atá easnamhach).
    Sampla(í) Úsáide: Deabhal néall a tháinic orm féin i gcaitheamh na hoídhche ach ar an gcathaoir (46), I slept no wink during the night but (I remained) in the chair. Ní bhíodh acub fadó ach ag crágáil go Gaillimh (2), They had no transport in the olden days but (they used to have to) walk to Galway. Ní raibh mórán agam ach ag imtheacht ag tomsacht anonn is anall (4), I hadn't much but (had to) go about collecting here and there. Níor stop sé ach ag cainnt, he never stopped talking.
    Tuilleadh
  10. ach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): 2. Réamh. Dobh (e) (Mír threise in abairt a bhfuil duine a ainmniú)
    Sampla(í) Úsáide: Sé an t-ainm thugann siad air ach 'scut' (23) the name he is called is 'scut'. Bhfuil fhios agat cé d'innseodh é sin dhuit ach Seáinín Beag (4) do you know who would tell you about that - Seánín Beag.
    Tuilleadh

Pages