You are here

Cois Fhairraige

  1. aonach
    Sampla(í) Úsáide: "Tá sé ag dul dhá dhéanamh lá théis an aonaigh (4) .i. Tá sé ag rádh go bhfeadfadh sé é dhéanamh nuair atá am a dhéanta caithte.
    Tuilleadh
  2. aonaistir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. D'aonaistir .i. D'aon turas.
    Sampla(í) Úsáide: "Tháinic sé d'aonaistir le'n é sin a dhéanamh" (2).
    Tuilleadh
  3. aonlá
    Sampla(í) Úsáide: "Déanfaidh muid an t-aonlá dhó indiú" (2) .i. Críochnocaibh muid é (garrdha) indiu
    Tuilleadh
  4. aonlá
    Sampla(í) Úsáide: "An t-aonlá a dhéanamh" (1a) .i marbhú a déanamh. "Déanfaidh mé an t-aonlá dhuit" (1a) .i. marbhochaidh mé thú.
    Tuilleadh
  5. aontuigheacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. aontas.
    Sampla(í) Úsáide: "Ní raibh aon aontuigheacht eatrab" (2).
    Tuilleadh
  6. aotham
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): crisis
    Sampla(í) Úsáide: "Tá sé ag dul thrí aothama" (27) (le fiabhras) "Aothama fiabhrais" (1).
    Tuilleadh
  7. aotham
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): suaimhneas, stopadh (in abairt dhiúltach)
    Sampla(í) Úsáide: "Ní raibh aotham ná foras air" (22) .i. ní raibh sé ag déanamh suimhnis ar bith. "Ní raibh aotham ná foras air ach ag réabadh leis" (27). "Ní raibh aotham ná éisteacht air ach ag cainnt" (1a). "Ní raibh sé ag tabhairt aothaim ná suimhnis dhó" (1a). "Ní raibh aothamh ar bith air ach ag cainnt leis" (2)
    Tuilleadh
  8. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (a) le cuspóir a n a. br. a cur i gcéill,
    Sampla(í) Úsáide: "Ní raibh aon fheiceáil orthab" (13) .i. Ní raibh siad le feiceáil. "Ní raibh aon fhagháil air" (13). "Bhí an-mharbhú indiu orthab" (1) .i. Bhí siad dhá mharbhú go tréan indiú. "Bhí sgiobadh uirthe" (4) .i. bhí sí dhá sgiobadh. "Nach uirthe atá an fuadach" (1a) .i. nach í (móin) atá dhá fuadach. "Níl agam ach cloisteáil agam air" (3) .i. Níl ann ach gur chuala mé é. "Tá an-mholadh aige ort" (4) .i. molann sé go mór tú. "Ní raibh aon fhoghluim acub uirthi" .i. Ní raibh sí foghluimthe acu. "Ní raibh aon aireachtáil air" (1). "Ní raibh blas éagcaoineadh aige air" (2). "Iompuig í, ar ndóígh ní iompú é sin uirthe" (25). "Marach gur airigh sé siúd an t-ídiú air" (25). "Marach gur airigh sé súid an t-ídiú air" (43). "Tá réidhteach áirid air" (1) .i. tá bealach airid le'n é (biadh) réidhteach. "Níl aon phósadh air" (7). "Ní raibh cead caithte tobac ann" (27) "mbeadh aon leigheas ar casacht agat?" (33).
    Tuilleadh
  9. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (a) in abairt dhiúltach.
    Sampla(í) Úsáide: "Níl aon chur amach mór uirthe, bhfuil?" (43) .i. níl mórán trioblóid ag baint le'n í (feamuinn) chur amach bhfuil? "Níl aon socrú air" (1a) .i. Ní trioblóid ar bith é a shocrú. "Níl aon chur síos uirthe" (3) .i. ní trioblóid ar bith í chur síos.
    Tuilleadh
  10. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (b) tabhairt + a.br. + ar
    Sampla(í) Úsáide: "Meas tú a dtugadh sé róstadh ar bith ar a bhfeoil" (6) "Pé brí coiriú thiubhraidhe ar leaba an táilliúra" (13). (Féach 'tabhairt' faoi'n a bhfuil tille samplaí).
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige