You are here

Cois Fhairraige

  1. antalach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid .i. amplach (aintolach?)
    Tuilleadh
  2. antalás
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a(f) .i. dúil in obair, fudair 'un oibre
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí antalás oibre air" (1a).
    Tuilleadh
  3. antalásach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. amplach
    Sampla(í) Úsáide: "alpaire antalásach é" (7).
    Tuilleadh
  4. anuas
    Sampla(í) Úsáide: Cé'n sórt suas anuas bhí air?" (2) .i. Cé'n fáth raibh sé ag dul suas anuas mar sin. "Cén sórt suas anuas bhí agat leis?" (1a) .i. Cé'n fáth raibh tú ag imtheacht suas anuas in aoindigh leis. "Bhí an siopadóir ag teacht anuas air" (1) .i. ag baint a chuid airgid féin as, ag tógáil a chuid beithidhigh seisean i ngeall ar fhiacha. "Bhí an dlighe ag teacht anuas air" (1). "Bhí sé anuas air" (1) .i. Bhí míorún aige dhó.
    Tuilleadh
  5. aobh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. ae
    Sampla(í) Úsáide: "Ar éigin thug na haobha leis" (4) (1). .i. ar éigin a d'eirigh leis teacht slán. "Tá seans go bhfuil a chuid aobha ar snámh faoi seo" (6) .i. Tá seans go bhfuil a dhothain ólta aige faoi seo.
    Tuilleadh
  6. aoibheall
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. glionndar, athas.
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí aoibheall ar a chroidhe" (2). "Bhí aoibheall air" (27).
    Tuilleadh
  7. aoibhinn
    Sampla(í) Úsáide: "Is aoibhinn Dia Dhuit" (1).
    Tuilleadh
  8. aoindigh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. aoinfheacht
    Sampla(í) Úsáide: "I n-aoindigh" (7) .i. in aoinfheacht,
    Tuilleadh
  9. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Tá siad chomh-aoirde" (6) .i. ar aon aoirde "Bhí aoirde feola air", "Aoirde bloinic" (7) le mart reamhar.
    Tuilleadh
  10. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Rinne mé aoirde ceann Daithí" (1) sa gcluiche "Daorachaí" (q.v.) Chaith mé an liathróid san aer le deis thabhairt do'n fhuireann eile, bhí stopaighthe ag na daorachaí (clocha), a theacht 'abhaile', am nach raibh duine ar bith acu sa 'mbaile'.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige