You are here

Cois Fhairraige

  1. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (o) le br. n.-aistr., le brígh chur sa gcainnt.
    Sampla(í) Úsáide: "Corruigh ort!" (1) "Oibrigh ort!" (7) "lean ort!" "Coinnigheadh Seán air" (17). "Fan go fóil ort" (27).
    Tuilleadh
  2. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (p) le a.teibh.
    Sampla(í) Úsáide: "Is ar a fhad fós" (4) .i. Tá sé ro-fhada fós "Is ar a ghiorracht" (1) "ar a chaoilleacht" (1) srl. A. "Cé'n chaoi bhfuil an cogadh ag imtheacht?". B "Ar a dhonacht" (1).
    Tuilleadh
  3. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (r) .i. i measg (ó leagan mar " bhí sé ar chuid do na leads is deise chonnaic mé ariamh" (33) )
    Sampla(í) Úsáide: "Bhfuil morán coileachaí orthab" (1) 'na measg.
    Tuilleadh
  4. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (s) air. .i. ina aimhdheoin "on him" (i mbrla. na héir.)
    Sampla(í) Úsáide: "Iad a dhul ó chomhaireamh ort" (46). "Tá sé ag dul ó aithne orm" (23). "D'iompuigh an t-ualach air" (27) .i. D'iompuigh sé - rud nach raibh sé a iarraidh. "Bhí sé ag spréacadh orm" (27) .i. Bhí se ag spréacadh, im' aimhdheóin. "Chuireadh mo chodhladh amugha orm" (1) "Chuir sé 'goal' amach orthab" (1) "Tá sé ag dul ar fudar ort" (7).
    Tuilleadh
  5. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (t) Tréis br. áirithe (áit mbéadh 'from' i mBéarla).
    Sampla(í) Úsáide: "Ag trosgadh ar thobac" (1a). "Ag dul ar fasgadh ar an mbáisteach" (2). "É fhéin a shábhailt air" (4) "Is deacair a dhul i bhfocach ar an ocras" (1a). "É a cheilt air" (1a).
    Tuilleadh
  6. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (u) Tréis a.teib. ar nós 'meas", 'cion', gráin', 'aithne', 'eolas' 'cuimhne', srl.- agus. 'tuisgint', 'buidheachas', 'fios', 'rún', 'oideas', 'gainneacht', 'fios', 'rún'. 'oideas', 'gainneacht', 'maith', srl. "Ní bheidh aon bhuidheachas air" (7).
    Sampla(í) Úsáide: "Beidh fios air amáireach" (2). "Tá tuisgint agam air bheagán" (33). "Níl oideas agam air" (2). "Rinne sé rún air" (1). "Dá mbeadh fhios agam go raibh aon ghainneacht air" (6). "Níl aon mhaith air" (1) (le duine tinn). "Cé'n bhraigíll atá air?" (6). "Níl aon siodal air" (39) .i. níl aon mhaoin aige.
    Tuilleadh
  7. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (v) ar .i. ar son,
    Sampla(í) Úsáide: "Fuair mé ar mo chuid airgid féin é" (2) "Geobhfá mála mine ar t'fhocal" (23). "Ná corraigh ar a bhfaca tú ariamh" (1). "Ní cheideónainn ar an saoghal é" (7) "Ag obair ar a bhéilidh" (23) "Cé'n méad d'íoc tú air?" (27). (ach "íocfaidh tú as sin" (2) .i. bainfear díoghaltas asat ina thaoibh).
    Tuilleadh
  8. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (w) Tréis ainmneacha bhaineas le 'tinneas', 'mothú' srl.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá slaghdán orm" (27). "Tá dearmad orm" (2) "Tá dul amugha ort" (1). "Nach air atá sé (1) .i. nach air atá an smál, an díthchéille.
    Tuilleadh
  9. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. Áit mbéadh 'of' i mBéarla
    Sampla(í) Úsáide: "Fear atá ar m'ainm fhéin" (1a) "Fear bhí ar an gcreideamh céadna" (1). "Bhí an 'mantle' ar an gcosúlacht sin" (26). "Beirt ag troid agus iad ar aon sgéal" (6) "ar aon intinn" (1) "ar aon airde" (1).
    Tuilleadh
  10. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. le 'baladh',
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é bhfuil an baladh breágh air" (13).
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige