You are here

ar

Iontráil sa Lámhscríbhinn: 
ar
Iontráil: 
Ciall nó Míniú (Gaeilge): 
r.fhoc. (a) le cuspóir a n a. br. a cur i gcéill,
Sampla(í) Úsáide: 
"Ní raibh aon fheiceáil orthab" (13) .i. Ní raibh siad le feiceáil. "Ní raibh aon fhagháil air" (13). "Bhí an-mharbhú indiu orthab" (1) .i. Bhí siad dhá mharbhú go tréan indiú. "Bhí sgiobadh uirthe" (4) .i. bhí sí dhá sgiobadh. "Nach uirthe atá an fuadach" (1a) .i. nach í (móin) atá dhá fuadach. "Níl agam ach cloisteáil agam air" (3) .i. Níl ann ach gur chuala mé é. "Tá an-mholadh aige ort" (4) .i. molann sé go mór tú. "Ní raibh aon fhoghluim acub uirthi" .i. Ní raibh sí foghluimthe acu. "Ní raibh aon aireachtáil air" (1). "Ní raibh blas éagcaoineadh aige air" (2). "Iompuig í, ar ndóígh ní iompú é sin uirthe" (25). "Marach gur airigh sé siúd an t-ídiú air" (25). "Marach gur airigh sé súid an t-ídiú air" (43). "Tá réidhteach áirid air" (1) .i. tá bealach airid le'n é (biadh) réidhteach. "Níl aon phósadh air" (7). "Ní raibh cead caithte tobac ann" (27) "mbeadh aon leigheas ar casacht agat?" (33).
Contae: 
Ceantar: 
Bailitheoir/Údar: 
Canúint: 
Bliain: 
?

Sonraí an Imleabhair

C020a Abhó - Aru
Bailitheoir/Údar: Tomás de Bhaldraithe
Canúint: Connacht
Sampla as an mbailiúchán:
Gan Teideal (Ábhar a bhailigh Tomás de Bhaldraithe - Cois Fharraige)