You are here

Cois Fhairraige

  1. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Nuair a bheadh sé in aoirde mhara" (2) .i. 'na lán Mara.
    Tuilleadh
  2. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí aoirde feola air" (2) "aoirde salachair ann" (2) .i. go leor "Aoirde crann báid do shalachar" (2) id.
    Tuilleadh
  3. aoirdeacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Ní aoirdeacht mhór bhí sa taoille" (6) "Ní aoirdeacht mhór ar bith é" (6). "Tá sé déanta go deas ach is ar a aoirdeacht" (1a) .i. ach tá sé ró-árd.
    Tuilleadh
  4. aois
    Sampla(í) Úsáide: "Cé'n aois thú" (4) .i. Cé'n aois atá agat? "Tá an aois ag tuitim air" (2). Aois chapall na muintire .i. an-aois. "Fuair sé aois chapall na muintire" (1). "Ní fhaca mé thú le aois chapall na muintire" (49) .i. le fada. "Fuair sé aois Mrucha Bheannachair" (6) .i. an-aois. "Ní féidir leób m'aois fhagháil." (17) .i. clárú m'aoise fhagháil" (17). "Chuir siad fios ar a n-aois" (17) .i. ar a dteastaisí beirthe. "Cé'n aois an oidhche?" (6) .i. cé'n t-am do'n oidhche é."Níl aois nó aimsir fós air. "Is maith an fear é agus an aois atá aige.
    Tuilleadh
  5. aol
    Sampla(í) Úsáide: "Ag cur aoil suas" (2) .i. ag cur aoil ar theach. "Thug sé deoch aoil do'n teach" .i. chuir sé aol air.
    Tuilleadh
  6. aon
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. éigc. in ábairt dhiúltach
    Sampla(í) Úsáide: "Bád nach ndeacha ar aon uisge le ocht mbliadhna" (26) .i. ..... ar uisge ar chor ar bith. "Tá aimhreas orm nach bhfuair mo bhean-sa aon bhás ariamh" (25) .i. Nach bhfuair sí bás chor ar bith."Ní thiúbhrfá aon 'chomhla' air" (27) .i. Ní thiubhrfá 'chomhla' air chor ar bith (27) "Ní thugtar aon 'chíor' ar raca, 'raca' tugtar air" (1). "Bean nach mbeadh aon teach glan aice" (13) "Ní rai-b mise ag aon chladach le fada" (46). (Níl ach 'teach', ' cladach' srl. amháin i gceist, níl in "aon" ach focal treise).
    Tuilleadh
  7. aon
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. éigc. aon + uimhir.
    Sampla(í) Úsáide: "Bhfuil aon h-ocht dtonna ann?" (22). "M'anam nach bhfuil aon trí lá déanta fós agam" (6).
    Tuilleadh
  8. aon
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. éigc. .i. céadna
    Sampla(í) Úsáide: "As aon bhaile iad" (1a) .i. as an mbaile céadna iad.
    Tuilleadh
  9. aon-bholg
    Sampla(í) Úsáide: "Bíonn beirt in aon-bholg agus ní h-ionann iad" (1a) le dreatharachaí, bheadh mí-chosúil le chéile. "Bhuel, bhí sé i n-aon-bholg leis" (27) .i. is dreathar leis é.
    Tuilleadh
  10. aon-iarraidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(f). 'D'aon-iarraidh' (1a) .i. d'aonturas, nó le iarraidh amháin
    Sampla(í) Úsáide: "Leag sé d'aon-iarraidh é" (1a). .i. le buille amháin.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige