You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. bain
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to extort
    Sampla(í) Úsáide: rud a bhaint amach le láimh láidir - nó le fórsa. - to take a thing by force. Bhain cíos mór dá threantaithe le láimh laidir. - He extorted a heavy rent from his tenants.
    Tuilleadh
  2. bain
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): restrain
    Sampla(í) Úsáide: baint siar as.. - holding him back - restrain. Ní raibh aon bhaint siar as. - There was no holding him back. Nuair bhíodh buile air ní bhainfeadh aon rud siar as.
    Tuilleadh
  3. bain de
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): take from, remove
    Sampla(í) Úsáide: bhain sí an cheirt dá mhéar. - She removed the "rag" from her finger. bain díot do hata...remove your hat. bhain sí na h-éadaighe de'n tor.
    Tuilleadh
  4. bain le
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): touch
    Sampla(í) Úsáide: ag baint le - touching. Ná bain leis an rud san. - dont touch that. Níl aon baint leis. - There is no touching him, .i. interfering with him. Bhí an dá "wire" ag baint le n-a chéile - The two wires were touching.
    Tuilleadh
  5. bain le
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): tangible, palpable
    Sampla(í) Úsáide: Rud gur féidir baint leis. - Something that can be touched, tangible. Ní féidir baint leis. - It cant be touched,..intangibl baint le rud led láimh. - Touch with your hand.
    Tuilleadh
  6. bainbhín
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a little pig.
    Tuilleadh
  7. baindeal
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): bandage
    Sampla(í) Úsáide: bhí baindeal thimpal a chinn (ar a cheann). Chuir a mháthair baindeal ar a mhéar. An focal "ceirt" = baindeal go minic.
    Tuilleadh
  8. báineacht
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): whiteness, paleness
    Sampla(í) Úsáide: bhí fhios agam ó bháineacht a aghaidh ná raibh sé ar fognamh. - I knew from the paleness of his face that he was not well.
    Tuilleadh
  9. bainim
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): I skin
    Sampla(í) Úsáide: Ní bhaineadh an croiceann de'n mbó nuair a fuair sí bás ach í a chur mar a bhí sí... - .i. the cow was not skinned 7rl. an croiceann a baint de'n choinín. - to skin the rabbit. Is dóigh liom gur airigheas "feannadh".
    Tuilleadh
  10. bainim
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): I pluck
    Sampla(í) Úsáide: bain na cleití agus an clúmh (klãũv) de'n ngé. - pluck the goose. Thá an clúmh agus na cleite bainte de'n sicín aici. - she has plucked the chicken.
    Tuilleadh

Pages